Tionscadal píolótach seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall chun aird a tharraingt ar ghuthanna nach gcloistear tríd an aip Fingal Voices

Is aip é Fingal Voices a thugann deis do shaoránaigh ceisteanna a chur, suirbhéanna a fhreagairt agus páirt a ghlacadh i bplé le ranna na Comhairle.

FingalVoices

Tá tionscadal píolótach nuálach seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall chun aird a tharraingt ar ghuthanna nach gcloistear go traidisiúnta tríd an aip fóin chliste Fingal Voices.

Is aip é Fingal Voices a thugann deis do shaoránaigh ceisteanna a chur, suirbhéanna a fhreagairt agus páirt a ghlacadh i bplé le ranna na Comhairle.

Nuair a úsáideann úsáideoirí an aip, faigheann siad pointí ar féidir leo iad a úsáid chun duaiseanna éagsúla a fháil.

Úsáidtear teicneolaíocht gheoshuímh chun úsáideoirí a mheaitseáil le ceisteanna agus suirbhéanna atá ábhartha dóibh, cosúil le himeachtaí a bhfuil siad ag freastal orthu nó saincheisteanna a bhaineann lena gceantar féin.

Tá leagan béite den aip á rolladh amach a dhéanfar a mheas i rith an tionscadail phíolótaigh, a bheidh ar siúl ón 23 Deireadh Fómhair 2019 go dtí an 31 Eanáir 2020.

Ag an imeacht seolta a reáchtáladh i séipéal Chaisleán Shoird, thug Grégoire Piette, comhbhunaitheoir Smart Futures a dhear an aip mar chuid de thionscadal na nGuthanna nach gCloistear, comhfhiontar idir Fiontraíocht Éireann, Comhairle Cathrach Chorcaí agus Baile Átha Cliath Cliste, léargas ar an aip.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, le linn di a bheith ag labhairt ag an seoladh: “Is iad daoine áitiúla bun agus barr an rialtais áitiúil, agus tá sé tábhachtach go mbeadh daoine in ann páirt a ghlacadh sna pleananna agus sna próisis a bhfuil tionchar acu orthu.

“Tá sé fíorthábhachtach go dtugtar cluas éisteachta do na ‘guthanna nach gcloistear’ nár cuireadh san áireamh roimhe seo, mar go bhfuil ról lárnach ag daonlathas áitiúil i saol an phobail trí chéile.

Is bealach spreagúil é an aip Fingal Voices chun daoine a ghríosadh chun páirt a ghlacadh sa tionscadal, agus táim ag súil leis an dul chun cinn a dhéantar i rith an tionscadail phíolótaigh a fheiceáil.“

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ceannasaí TF Chomhairle Contae Fhine Gall, Dominic Byrne: “Is forbairt iontach é aip Fingal Voices chun tairbhe a bhaint as an rath agus as an tóir atá ar aipeanna fóin chliste chun daoine a chur san áireamh agus rannpháirtíocht a spreagadh.

“Is fianaise é an úsáid atá á baint ag an aip as cluichiú nach bhfuil drogall ar Chomhairle Contae Fhine Gall triail a bhaint as cur chuige nuálach chun dlús a chur faoi rannpháirtíocht saoránach sa rialtas áitiúil.“

Tá an aip Fingal Voices ar fáil le haghaidh ghléasanna Android ag https://play.google.com/apps/testing/io.smartfutures.fingal.unheard_voices agus le haghaidh ghléasanna Apple ag https://testflight.apple.com/join/vOTWO3Qe.