Seolann Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann an ceathrú bliain de Chúrsa Forbartha Peile na hIdirbhliana

Fingal County Council and FAI launch TY Football Development Course 2019

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann an ceathrú bliain de Chúrsa Forbartha Peile na hIdirbhliana a thugann deis do rannpháirtithe a riachtanais oideachais a chomhlíonadh agus scileanna peile á bhforbairt acu.

 

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly clár 2019 - 20 go hoifigiúil, i gcuideachta  iar-imreoir sinsearach idirnáisiúnta Phoblacht na hÉireann Andy Reid agus bainisteoir foirne idirnáisiúnta faoi 19, Tom Mohan ag Ionad Pobail Chorr Dhubh inniu.

 

Le linn na scoilbliana 2019-20, déanfaidh na 25 mac léinn Idirbhliana atá ag glacadh páirt sa chlár meascán d’ábhair acadúla ar nós Matamaitic agus Béarla le raon cúrsaí agus modúil cóitseála peile i dTeagasc Aclaíochta, Scileanna Meán agus Forbairt Phearsanta chomh maith le traenáil peile agus obair nirt agus aclaithe. Ina theannta sin, tabharfaidh na rannpháirtithe faoi Chúrsa do Theagascóirí Folláine ITEC curtha ar fáil ag Traenáil Folláine Litton Lane. Fillfidh siad freisin ar a mbunscoil áitiúil lá amháin sa tseachtain chun oibriú le múinteoirí i seachadadh corp oideachais agus chun taithí oibre luachmhar a fháil. 

 

“Tugadh an deis do rannpháirtithe as na trí chlár dheireanacha iad féin a thumadh sa pheil ar feadh bliana agus a riachtanais oideachais a chomhlíonadh ag an am céanna.

Mar thoradh ar a rathúlacht, cuirfear an clár ar fáil ar feadh ceathrú bliain. Tá sé deartha chun ligean do na mic léinn tiomantas a thabhairt d’fhorbairt a gcuid scileanna peile, chomh maith le dul i ngleic lena bpobail gan cur isteach ar a gcuid oideachais,” a dúirt comhordaitheoir an chúrsa, agus Oifigeach Forbartha FAI cómhaoinithe le Comhairle Contae Fhine Gall, Denis Hyland.

 

Tá Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann ag seachadadh an chláir le cabhair ó Empower Baile an Bhlainséir.

 

Thug Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien moladh don chlár: “Tá comhpháirtíocht Chomhairle Contae Fhine Gall le Cumann Peile na hÉireann an-tairbheach dár gcónaitheoirí arís eile. Tá oideachas agus spórt dúshlánach agus tábhachtach do dhaoine óga. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil clár á chur i bhfeidhm a ligeann do rannpháirtithe tabhairt faoina bpaisean gan a gcuid deiseanna oideachais a íobairt.”

 

Chuir AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh na mic léinn chuig an gceathrú bliain seo de Chúrsa Forbartha Peile na hIdirbhliana: “Tá sé léirithe ag an gclár go bhfuil tairbe le baint as infheistiú in ógánaigh Fhine Gall. Ní hamháin go bhfuil siad ag forbairt scileanna chun cothromaíocht a bhaint amach idir spórt agus oideachas, tugtar deis dóibh dul i ngleic leis an bpobal trí thaithí oibre sheachtainiúil a chuireann go dearfach lena bhforbairt phearsanta i gcoitinne.”

 

Reáchtáiltear an cúrsa le tacaíocht Empower Baile Bhlainséir agus Spórt Éireann. D’fhreastail go leor duine ar na cúrsaí seo roimhe seo agus taifeadadh meánráta freastail neamhghnách de 95% le linn na scoilbliana.

 

Dúirt Marion Brown, Príomhoifigeach Spóirt le Comhairle Contae Fhine Gall: “Mheall rath an tionscadail seo go leor aird dhearfach ó údaráis áitiúla eile a mbeadh spéis mhór acu é a sheachadadh do mhic léinn ina gceantar féin chomh maith. Táim muiníneach go seachadfaidh an obair, ullmhúchán, agus taithí a chuireann Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Peile na hÉireann isteach sa tionscadal seo cúrsa tairbhiúil eile do rannpháirtithe an chláir ”.

                                                               

CRÍOCH

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil le [email protected] %6ded%69%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Group Photo at FAI TY Football Development Course