Seoladh thorthaí an Tionscadail Phíolótaigh ACORN

Acorn Project

Thug Comhairle Contae Fhine Gall, in éineacht le dhá údarás áitiúla eile agus Aoisbhá Éireann, faoi chlár píolótach leis an táibléad ACORN le ball de na Comhairlí do Sheandaoine. Seolfaidh an tAire Ring torthaí an tionscadail phíolótaigh ACORN go hoifigiúil inniu.

 

Le deich mbliana anuas, tá athrú mór tagtha ar ghréasáin shóisialta agus idirghníomhaíocht dhaonna; tháinig athrú ó bhonn ar conas a dhéanann daoine cumarsáid lena chéile mar gheall ar ghléasanna cliste. Is iad an príomh-mhodh chun naisc a choimeád agus a bhunú sa saol réadúil anois, agus is foinsí nuachta, siamsaíochta agus teagmhála tráchtála iad.

 

Is mó an riosca anois ná ag aon tráth roimhe seo go n-eisiafaí saoránaigh nach bhfuil ceangal acu leis an saol nua-aimseartha go sóisialta agus, dá bharr sin, go mbeidh fadhbanna sláinte agus folláine acu a bhaineann le heisiamh sóisialta.

 

Is é aidhm an tionscadal píolótach ACORN réiteach digiteach a thástáil lena úsáid ag daoine níos sine chun ardán atá simplithe, saincheaptha agus báúil le haois ar ríomhaire táibléid, réiteach a d'fhéadfadh tionchar dearfach a imirt ar sheandaoine agus cur le torthaí níos fearr do sheandaoine, go háirithe iad siúd i gceantair thuaithe nó bailte beaga, iargúlta nó seandaoine eile atá leochaileach ar bhealach eile.

 

Tar éis go leor comhairliúcháin le húsáideoirí níos sine, d'fhorbair Cliffrun Media an táibléad ACORN mar phíosa teicneolaíochta a bhfuil difríocht shuntasach idir é agus na roghanna eile ar an margadh. Cuireann an t-ardán ACORN rannpháirtithe ar an eolas faoi go leor de na seirbhísí agus feidhmchláir thábhachtacha a chuireann ionchuimsiú sóisialta chun cinn. Tógadh é le sainchuspóir chun feabhas a chur ar chaighdeán beatha an úsáideora agus an dúshlán a bhaineann le glacadh ar líne a réiteach. Baineann sé úsáid as dearadh imfhiosach atá báúil le haois, agus cuireann sé ábhar ar fáil atá ábhartha go láithreach don úsáideoir i líonra dúnta daingean.

 

Mar chuid den chlár píolótach, thug Ollscoil Mhá Nuad faoi mheastóireacht ar an tionscadal agus an tionchar atá aige ar rannpháirtithe.

 

Léiríonn torthaí na meastóireachta na nithe seo a leanas:

• Tháinig méadú ar cé chomh muiníneach is atá daoine as réimse tascanna a chur i gcrích ar líne.

• Is minice a bhaineann freagróirí úsáid as teicneolaíochtaí nua atá ilfheidhmeach ná a bhaintear úsáid as sainghléasanna. Tugann sé sin le fios go bhfuil luach mór ag baint le príomhfheidhmeanna a eagrú i ngléasanna atá ilfheidhmeach agus comhtháite.

• Gníomhaíochtaí agus áiseanna oiliúna - bhí an-ghlacadh le ceardlanna, eolas i scríbhinn agus ranganna teagaisc ar líne a cuireadh ar fáil mar chuid den chlár píolótach.

 

Tugann an tuarascáil le fios go bhfuil dearcadh dearfach agus muiníneach ar theicneolaíocht agus a húsáid amach anseo i measc daoine a d'úsáid an táibléad ACORN, lena n-áirítear a bheith ábalta an ACORN a chur in oiriúint chun riachtanais phearsanta a shásamh, chun pleananna a dhéanamh le agus cumarsáid a dhéanamh le cairde.

 

Bhí an t-aiseolas a fuarthas ó rannpháirtithe an-dearfach agus rinneadh éascaíocht ar dhaoine fanacht i dteagmháil lena dteaghlaigh agus cairde. Bhain go leor rannpháirtithe tairbhe as a bheith ábalta rudaí a dhéanamh astu féin nach raibh siad ábalta a dhéanamh roimhe sin.

 

Agus í ag freastal ar an seoladh inniu, dúirt Príomh-Oifigeach Aoisbhá Éireann, Catherine McGuigan: "Chuir teacht na teicneolaíochta deiseanna an-mhóra ar fáil do dhaoine nascadh le daoine eile agus cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh agus tacaíonn teicneolaíocht le réimse seirbhísí, ach go háirithe maidir le sláinte agus cúram sláinte. Ach cuireann teicneolaíocht dúshláin mhóra roimh dhaoine nach bhfuil inniúil ó thaobh teicneolaíocht faisnéise de. Tá ríméad ar Aoisbhá Éireann go bhfuilimid ag seoladh torthaí na trialach digití ICT ACORN inniu, triail ina ndearna daoine atá ag dul in aois éascaíocht ar tháibléid atá báúil le haois, i ndáiríre, agus ar sheirbhís bhainistithe a dhearadh i gcomhpháirt. Tarraingíonn na torthaí aird ar an tionchar dearfach suntasach atá ar chumas daoine rochtain a fháil ar eolas, páirt a ghlacadh go sóisialta agus feabhas a chur ar a sláinte agus folláine."

 

Thug an clár píolótach seo deis do rannpháirtithe níos sine tionchar a imirt ar dhearadh táirge ar bhealach fiúntach. Déanfaidh seoladh torthaí na meastóireachta inniu eolas do conas a fhorbróidh an táirge ACORN amach anseo, agus cuirfidh sé fianaise luachmhar ar fáil chun tacú le hAoisbhá Éireann sa phróiseas níos leithne chun pobail inbhuanaithe atá báúil le haois a fhorbairt.

 

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais nó chun agallamh a shocrú, téigh i dteagmháil le Sylvia McCarthy, Bainisteoir Cumarsáide, Aoisbhá Éireann, ar feidhm Seirbhíse Comhroinnte i gComhairle Contae na Mí é - seol ríomhphost chuig s%6dccart%68%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] nó cuir glaoch ar: 0834422111

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

Aoisbhá Éireann

Cuireann aosú na sochaithe ceann de na dúshláin is mó atá roimh rialtais ar fud an domhain inniu. Tá líon na ndaoine atá 65 nó os a chionn níos airde anois ná ag aon tráth eile roimhe seo. Tá méadú tagtha ar ár n-ionchas saoil, ó 78.8 bliain in 2005 go dtí 81.4 bliain in 2015. Ba cheart fáilte a chur roimh an athrú déimeagrafach ar leith seo. Cuireann aosú ár ndaonra in Éirinn deiseanna iontacha ar fáil dár gcaipiteal sóisialta ó ghlúin go glúin. Bainfidh ár sochaí leas as taithí agus eolas ár seandaoine. Le deich mbliana anuas, d'aithin Aoisbhá Éireann na dúshláin agus deiseanna atá ann maidir le haosú ár ndaonra. Tá Aoisbhá Éireann tiomanta, agus é ag obair le húdaráis áitiúla, dá chinntiú go bhfuil Éire freagrúil do riachtanais daoine de gach aois agus cumas de réir mar a théann siad in aois.

 

Déanann Aoisbhá Éireann comhordú ar an gClár do Chathracha agus Contaetha Aoisbhácha in Éirinn. Seirbhís cheaptha chomhroinnte a óstálann Comhairle Contae na Mí is ea Aoisbhá Éireann. Tugann sé tacaíochtaí le chéile agus cuireann sé treoirlínte teicniúla ar fáil do na 31 Clár Cathrach agus Contae Aoisbhá á stiúradh ag údaráis áitiúla agus tá tacaíocht á tabhairt dóibh ag iliomad gníomhaireachtaí.

 

Tá freagairt trasrialtais agus ilearnálacha ag teastáil chun Éire inbhuanaithe a thógáil dár ndaonra atá ag dul in aois. Faoi láthair, tá ceithre Roinn Rialtais, ag leibhéal an Rúnaí Chúnta, ina mball de Ghrúpa Comhairleach Náisiúnta Aoisbhá Éireann (An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, An Roinn Sláinte), chomh maith le 3 Príomhfheidhmeannach in Údaráis Áitiúla, Stiúrthóir Náisiúnta i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Coimisinéir Cúnta sa Gharda Síochána agus POF Chumann Chomhlachais Tráchtála na hÉireann.

 

Thoiligh gach 31 údarás áitiúil leis an gClár Aoisbhá agus bhunaigh siad Comhaontas Aoisbhá (a ndéanann an Príomhfheidhmeannach den údarás áitiúil nó Cathaoirleach Neamhspleách cathaoirleacht orthu) agus Comhairle éagsúil do Sheandaoine a dhéanann ionadaíocht ar réimse seandaoine. Tá Bainisteoir Cláir Aoisbhá tiomnaithe i ngach údarás áitiúil a thacaíonn le cur i bhfeidhm na straitéise áitiúla. Tá ról ríthábhachtach aige ó thaobh gníomhaíochtaí na Straitéise Náisiúnta um Aosú Dearfach a chur i bhfeidhm. Braitheann an obair seo go léir ar chur chuige comhpháirtíochta agus guth an tseanduine a bheith i lár na bhforbairtí sin go léir.

 

Is cleamhnaí an Chláir Cathracha agus Pobail Aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte é Aoisbhá Éireann. Is iarracht idirnáisiúnta é sin a seoladh in 2006 chun tacú le cathracha agus pobail ullmhú d'aosú tapa an daonra agus d'uirbiú atá ag tarlú ag an am céanna. Faoi láthair, tá níos mó ná 700 cathair i 39 tír tar éis dul isteach i líonra domhanda cathracha agus pobail aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte chun aosú sláintiúil gníomhach a chur chun cinn agus caighdeán na beatha a fheabhsú do dhaoine os cionn 60.