Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2019-2024 seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall

Pictured at the launch of Fingal County Council’s Climate Change Action Plan 2019-2024 are Interim Chief Executive AnnMarie Farrelly and Mayor of Fingal Cllr Eoghan O’Brien.

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2019-2024 i Halla an Chontae, Sord inniu (Dé Luain, an 9 Meán Fómhair).

Áirítear sa Phlean deiridh 133 gníomh atá ar siúl go leanúnach nó pleanáilte laistigh den Chomhairle, a chlúdaíonn cúig phríomhréimse gníomhaíochta – Fuinneamh agus Foirgnimh, Iompar, Seasmhacht i gCoinne Tuilte, Réitigh Nádúrbhunaithe agus Bainistíocht Acmhainní.

 Tá ceithre phríomhsprioc aitheanta:

  1. Feabhas 33% ar éifeachtúlacht fuinnimh na Comhairle faoi 2020
  2. Laghdú 40% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na Comhairle faoi 2030
  3. A chinntiú gur réigiún seasmhach ó thaobh aeráide é Fine Gall
  4. Rannpháirtíocht ghníomhach le saoránaigh maidir leis an athrú aeráide agus eolas faoin athrú aeráide a roinnt leo

I ndiaidh dianphróiseas comhairliúcháin sé seachtaine i mí Feabhra/Márta i mbliana, d’fhreastail beagnach 170 duine ar cheithre imeacht i bhFine Gall, agus fuarthas breis is 120 aighneacht.

Ghlac na baill Thofa leis an bPlean i mí Bealtaine.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien, ag an seoladh: “Cúis áthais dom an Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide a sheoladh, Plean ina leagtar amach raon gníomhartha agus beart a chabhróidh chun Fine Gall a dhéanamh seasmhach ó thaobh aeráide de. Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Contae Fhine Gall eolas a roinnt ar bhonn gníomhach leis an bpobal agus a rannpháirtíocht a chinntiú, trí raon clár agus comhpháirtíochtaí nuálacha agus, áit ar féidir, éascófar réitigh phobalbhunaithe ón mbun aníos."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien, ag an seoladh: “Cúis áthais dom an Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide a sheoladh, Plean ina leagtar amach raon gníomhartha agus beart a chabhróidh chun Fine Gall a dhéanamh seasmhach ó thaobh aeráide de.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Áirítear an tAthrú Aeráide ar cheann de na dúshláin is práinní atá le sárú ag rialtais áitiúla sa lá inniu ann. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta don ghníomh leanúnach aeráide, sna príomhréimsí seo a leanas - oiriúnú, maolú agus rannpháirtíocht phoiblí. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag obair le príomhpháirtithe leasmhara chun tionchar a imirt ar agus tacú le tionscnaimh laghdaithe carbóin ar fud an Chontae.”

Is comhthionscnamh é an Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide idir na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath, Oifig Réigiúnach um Athrú Aeráide Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Codema, gníomhaireacht fuinnimh Bhaile Átha Cliath.

Déanfaidh Foireann thiomanta um Athrú Aeráide monatóireacht agus nuashonrú rialta ar na gníomhartha sa Phlean, agus oibreoidh siad i gcomhar le gach Roinn sa Chomhairle.

Más spéis leat Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide Chomhairle Contae Fhine Gall 2019-2024 a léamh, tabhair cuairt ar  https://www.fingal.ie/ga/council/service/plean-gniomhaiochta-dathru-aeraide