Osclaíonn Méara Fhine Gall Ionad Pobail Bhaile Lotrail go hoifigiúil

Luttrellstown

Tá Ionad Pobail Bhaile Lotrail oscailte go hoifigiúil. Is áis nua-aimseartha, ilfheidhmeach é, a fheidhmeoidh mar chroílár do chónaitheoirí agus d’eagraíochtaí áitiúla.

Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, agus AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall, i láthair chun an t-ionad álainn nua a oscailt i gceantar Bhaile Átha Cliath 15.

Osclaíodh Ionad Pobail Bhaile Lotrail i mí Meithimh agus áirítear san áis ilchuspóireach, nua-aimseartha, halla spóirt lánmhéide le seomraí feistis, stiúideo damhsa, seomraí cruinnithe agus seomra cúraim leanaí.

Tá an tIonad suite taobh le Coláiste Pobail Bhaile Lotrail agus tógadh de réir shamhail  “Scoileanna Fhine Gall” é, atá ag feidhmiú i roinnt pobal ó bunaíodh an tsamhail in 2010, samhail a bhfuil an-rath uirthi.  

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Soláthraíonn pobail láidre tacaíocht agus folláine shóisialta do na daoine atá ag maireachtáil iontu.  Tá sé riachtanach, dá réir sin, go mbeadh spásanna tiomnaithe ag pobail chun bualadh le daoine, bailiú le chéile, rudaí a phlé agus a bheith ag spraoi.

“Tá ról suntasach le himirt ag Comhairle Contae Fhine Gall i bhforbairt na bpobal seo i bhFine Gall, agus go háirithe i bpobail níos nuaí cosúil le Baile Lotrail, tríd an obair atá ar bun ag an Rannán Pobail, Cultúir & Spóirt. 

“Anois, níos mó ná riamh roimhe seo, tá gá le comhtháthú agus le spiorad agus mórtas pobail. Bhí, agus tá, Comhairle Contae Fhine Gall, tiomanta don spiorad pobail seo a spreagadh trí áiseanna pobail nua a chur ar fáil.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, an Príomhfheidhmeannach Eatramhach: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall páirteach i ndearadh, tacú le, oibriú agus bainistíocht áiseanna pobail ar fud an chontae le breis is 20 bliain anuas.  I mBaile Lotrail tá áis pobail nua comhroinnte oscailte go hoifigiúil, áis a bheidh ag croílár an phobail áitiúil.

“Is toradh é an t-ionad nua seo a bhfuilimid ann inniu de chomhpháirtíocht rathúil idir Comhairle Contae Fhine Gall agus an Roinn Oideachais & Scileanna, sampla breá de “Shamhail Scoileanna Fhine Gall”, samhail atá á rolladh againn go bródúil le roinnt blianta anuas.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stiúrthóir Roinn Pobail agus Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall, Margaret Geraghty: “Cúis áthais go bhfuil an áis pobail nua seo oscailte i gceantar atá ag fás, agus rachaidh sé chun tairbhe go mór do phobal na háite agus d’eagraíochtaí.

“Tá béim á leagan ag an Oifig Forbartha Pobail ar phobail láidre, rannpháirteacha agus chomhtháite a fhorbairt ar fud Fhine Gall, ceantar a bhfuil daoine mórtasach as.”

 Is féidir leis an bpobal an tIonad Pobail a fháil ar cíos ó Ionad Pobail Bhaile Lotrail, agus beidh sé ar fáil ag brath ar éileamh.

 

Críoch

Ceannscríbhinn: Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien leis an bPríomhfheidhmeannach Eatramhach, AnnMarie Farrelly, Príomhoide Scoil Bhaile Lotrail, Fionnuala Ni Chaisil agus Bainisteoir an Ionaid, Derek Tipping.

Más spéis leat tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected] .