Leasanna atá le Fáil Ar Líne Bainte Amach ag Gnólachtaí Fhine Gall leis an Tacaíocht Trádála Idirlín

TOV New Graphic

Tá Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) Fhine Gall tar éis a thuairisciú go bhfuil an méadú is mó sa líon iarratas ar Dhearbháin Trádála Ar Líne (TOV) le 2 bhliain anuas, ó ghnólachtaí beaga atá ag pleanáil infheistíocht a dhéanamh sna hardáin díolacháin ar líne atá acu. Dámhadh deontais TOV ar luach de €163,000 ar 61 gnólacht de chuid Fhine Gall go dtí seo in 2019

Léirítear na buntáistí a bhaineann le bheith ar líne do ghnólachtaí beaga i bhFine Gall sna figiúirí atá curtha amach ag na hOFÁanna an tseachtain seo caite mar chuid de Lá Idirnáisiúnta an Idirlín

Táthar tar éis a léiriú i dtaighde go méadaítear gnólachtaí a bhunaíonn láithreacht ar líne de 21% ar a gcuid díolachán agus 84% ar an líon fhiosruithe ó chustaiméirí, ar an meán. Tá béim curtha air i dtaighde freisin gurb ó chustaiméirí nua, seachas na cinn atá acu cheana féin* a dtagann 73% dá ndíolacháin ar líne, maidir le gnólachtaí beaga.

Tá sé dóchúil chomh maith go gcruthaíonn cuideachtaí beaga a bhfuil láithreacht ar líne acu poist nua. Ar an meán, is ionann 1.4 fhostaí agus an líon nua foirne a dhéanann gnólachtaí beaga a thosaíonn díolacháin ar líne a dhéanamh. Méadaíonn na cuideachtaí sin ar an idirlíon a bhunaítear iad a gcuid deiseanna chun díolachán idirnáisiúnta a dhéanamh agus a ngnó a oscailt do mhargaí nua mar gheall a bheith ar líne. Tosaíonn 3 cinn as gach 5 ghnólacht a bhfuil láithreacht ar líne curtha i mbun acu a easpórtáil den chéad uair.

Tá borradh faoin líon gnólachtaí Éireannacha atá ag fáil cúnaimh ó OFÁ Fhine Gall chun dul ar líne tríd an Scéim TOV, arna maoiniú ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil faoin Straitéis Dhigiteach Náisiúnta: Céim 1 (2013). Leis an scéim mhaoinithe chomhoiriúnaithe seo, tugtar rochtain do ghnólachtaí beaga ar an tsain-mheantóireacht, ar an oiliúint agus ar dhearbhán €2,500 chun láithreacht ar líne a chur ar bun. Tá an TOV oscailte do ghnólachtaí beaga de chuid Fhine Gall a bhfuil láithreacht trádála ar líne teoranta acu, nó nach bhfuil aon láithreacht dá leithéid acu, agus a bhfuil níos lú 10 bhfostaí agus láimhdeachas níos lú ná €2 mhilliún acu. Ní mór d'iarratasóirí a bheith ag trádáil le 6 mhí anuas, ar a laghad.

Ón am ar cuireadh tús leis an Scéim TOV in 2014, tá beagnach 6,000 cuideachta bheaga in Éirinn in ann a gcuid gnó a fhás ar líne tríd an tionscnamh. Ina theannta sin, tá comhairle curtha ag na OFÁanna ar bhreis is 22,000 gnólacht Éireannacha beaga ar conas tairbhe a bhaint as an ríomh-thráchtáil go héifeachtach chun a gcuid gnó a fhás. I bhFine Gall, tá níos mór gnólachtaí áitiúla tar éis glacadh leis an scéim TOV le linn 2019, agus bronnadh 61 TOV ar luach de €163,000 orthu go dtí seo i mbliana.

Dúirt Oisín Geoghegan, Cathaoirleach an Líonra de na 31 Oifig Fiontair Áitiúla agus Ceannasaí Fiontair i bhFine Gall: “I margadhan lae inniu, atá chomh hiomaíoch sin, tá sé riachtanach láithreacht láidir ar líne a bheith ag gnólachtaíl, agus straitéis dhigiteach láidir acu, leis. Molaim do na FBManna go léir i bhFhine Gall atá ag iarraidh a bheith mar chuid den gheilleagar digiteach atá ag fás in Éirinn, freastal ar an gcéad seimineár eile TOV agus leas a bhaint as an deis atá ann chun maoiniú de €2,500 a thapú chun cur lena gclár trádála ar líne ”

Tá glao nua ar iarratais curtha amach anois agus reáchtálfar seimineár faisnéise Dé hAoine, an 6 Nollaig, i Lárionad Réisc i Sord. Beidh sé saor in aisce freastal air agus is féidir áiteanna a chur in áirithe ar líne ag: www.localenterprise.ie/Fingal

 

Staitisticí

Méadú de 21%, ar an meán, ar an méid díolacháin do ghnólachtaí beaga ar cuireadh ar mbun iad ar líne*

Tá méadú tagtha ar an líon fiosruithe ó chustaiméirí i ndáil le 84% de na gnólachtaí sin a bhfuil láithreacht ar líne curtha i mbun acu*

Díolacháin nua a bhí i gceist le 73% den líon díolacháin ar líne nár tháinig isteach in ionad díolachán reatha*

Bíonn 1.4 ball foirne breise, ar an meán, á bhfostú ag gnólachtaí beaga a chuireann láithreacht ar líne i mbun*

Tosaíonn 3 cinn as gach 5 ghnólacht a bhfuil láithreacht ar líne curtha i mbun acu a easpórtáil*

5,875 - Líon na nDearbhán Trádála ar Líne ar baineadh tairbhe asta ó 2014 i leith

17,005 - Líon na bhFreastalaithe ar sheisiúin faisnéise faoin Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne ó 2014 i leith

22,132 - Líon na ngnólachtaí a thug Oifigí Fiontair Áitiúla comhairle dóibh maidir leis an trádáil ar líne ó 2014 i leith

 

CRÍOCH

 

Le haghaidh fiosrúcháin ó na meáin, téigh i dteagmháil le hOisín Geoghegan, Cathaoirleach an Líonra de na 31 Oifig Fiontair Áitiúla agus an Ceannasaí Fiontair i bhFine Gall, ar:

T: 01 8900 800 or 087 9884 081.

R: o%69si%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

 

Foinse: *”Growing Small Business Through Online Trade: Enterprise Impacts of the Trading Online Voucher Scheme” – an Roinn Cumarsáide Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (2016)

 

Cad é an Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne?

Is éard atá sa Scéim um Thrádáil Dhearbhán ar Líne ná tionscnamh faoi Straitéis Dhigiteach Náisiúnta an Rialtais: céim 1 (2013), arna maoiniú ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil, agus gurb iad na hOifigí Fiontair Áitiúla a chuireann ar fáil í. Tá sé deartha chun tacú le gnólachtaí Éireannacha beaga chun a láithreacht ar líne a fhorbairt agus le tús a chur lena gcuid táirgí agus seirbhísí a dhíol ar líne trí oiliúint a chur ar fáil dóibh mar aon le dreasacht airgeadais chun a gcumas ríomhthráchtála a fhorbairt. Tá cuideachtaí nach dtéann ar líne ag iarraidh an deis a bheith acu a bheith mar chuid den gheilleagar digiteach a bhfuil borradh mór faoi in Éirinn.

 

Is féidir dearbháin trádála ar líne a úsáid:

- chun láithreán gréasáin ríomhthráchtála a fhorbairt nó a uasghrádú, mar shampla íocaíochtaí ar líne nó córais áirithinte a chur i bhfeidhm

- le haghaidh bogearraí a bhaineann leis an idirlíon a cheannach

- le haghaidh fógraíochta ar líne (ach faoi réir teorainneacha)

- chun aip a fhorbairt

- le straitéis margaíochta digití a fhorbairt agus / nó a chur i bhfeidhm

- le haghaidh comhairliúcháin le saineolaithe TFC

- le haghaidh oiliúint agus tacaíocht chun do chuid gnó trádála ar líne a fhorbairt agus a bhainistiú

Cuir do phlean i bhfeidhm agus nuair a bheidh sé críochnaithe

Incháilitheacht

Tá an scéim oscailte do ghnólachtaí beaga a bhfuil láithreacht ríomh-thráchtála teoranta acu nó nach bhfuil aon láithreacht acu ar bith, nach bhfuil 10 bhfostaí acu, ar a mhéid, agus láimhdeachas níos lú ná €2 mhilliún. Ní mór d'iarratasóirí a bheith ag trádáil le 6 mhí anuas, ar a laghad.

 

Tuilleadh Eolais:

https://www.localenterprise.ie/Discover-Business-Supports/Trading-Online-Voucher-Scheme