Leabharlann Carnegie chun óstáil a dhéanamh ar eispéireas tumtha Réaltachta Fíorúil ‘Silicon Synapse’

Leabharlann Carnegie chun óstáil a dhéanamh ar eispéireas tumtha Réaltachta Fíorúil ‘Silicon Synapse’

Silicon Synapse AlanJames Burns at Carnegie Library Swords

I gcomhar le hOifig Ealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall agus eispéireas SciArt agus Réaltachta Fíorúil tumtha an Choimisiúin Eorpaigh, beidh ‘Silicon Synapse’ ar siúl i Leabharlann stairiúil Carnegie, Sord ó 12 Samhain go dtí 15 Nollaig.

Cruthaithe ag ealaíontóir Alan James Burns, i gcomhar leis an scríbhneoir Sue Rainsford, an t-ealaíontóir Jason Dunne agus an cumadóir Michael Riordan, eispéireas tumtha Réaltachta Fíorúil agus síocacústaice isea ‘Silicon Synapse’ a thabharfaidh tú ar thuras ionsamhlaithe isteach san aigne phearsanaithe ‘Teicneolaíochta’.

Rinne Oifig Ealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall agus SciArt an Choimisiúin Eorpaigh coimisiúnú ar an saothar ealaíne agus tá sé maoinithe ag Gradam Glao Oscailte Chomhairle Ealaíon na hÉireann.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Tá Fine Gall bródúil as deiseanna a chruthú don phobal taithí a fháil ar na teicneolaíochtaí ceannródaíocha a thugann deis dúinn chun féachaint cá bhfuil cónaí orainn ar bhealaí nua spreagúla. Tá ealaíontóir mar Alan James Burns i riocht shaineolach chun é seo a dhéanamh.”

Míníonn Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá ‘Silicon Synapse’ ag teacht le Clár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Galll, agus a aidhm chun lucht féachana nua a ghníomhachtú le dul i ngleic le healaín chomhaimseartha de réir mar atá Sord ag pleanáil dá tionscadal ceantair cultúrtha sa todhchaí. Tugann na spásanna stairiúla atá ann cheana féin i gceantar stairiúil Shoird inspioráid ollmhór d’ealaíontóirí agus spreagann siad fiosracht sa chuairteoir ionchasach.”

Féachtar ar an saothar ealaíne céadfach seo go haonarach, duine amháin ag an am, ag éisteacht leis an idirphlé inmheánach d’aigne na ‘Teicneolaíochta’ de réir mar a athsheinntear dhá thaobh d’achrann leannáin. Áitíonn ‘Teicneolaíocht’ agus a comhpháirtí saoil ‘Nádúr’ faoi inbhuanaitheacht a gcaidrimh agus a dtodhchaí mar lánúin.

Scrúdaíonn ‘Silicon Synapse’ éabhlóid, innealtóireacht ghéiniteach agus tras-daonnachas. Cuirtear gach breathnóir isteach i gcroílár réimse comhfhiosach a bhfuil cuma bhrionglóideach air, agus iad ag taisteal trí eispéiris dhoimhne éisteachta agus amhairc.  

Tá ‘Silicon Synapse’ suite laistigh de shuíomh stairiúil athchóirithe Leabharlann Carnegie, Sord. Bhí an leabharlann seo mar ionad eolais agus foghlama uair amháin, ag múnlú meonta agus sionapsaí na mílte duine. Rachaidh an lucht féachana isteach anois trí dhoirse iarsmaí na leabharlainne agus isteach san aigne shamhlaíoch den teicneolaíocht sileacain a tháinig ina hionad den chuid is mó.

Beidh an obair ar fáil don phobal ó 12 Samhain go dtí 15 Nollaig, caithfear an t-eispéireas a chur in áirithe trí láithreán gréasáin an tionscadail atá ar fáil ag http://siliconsynapse.net/.

Silicon Synapse AlanJames Burns in his studio at fire station artists studio