Fógraíonn Comhairle Contae Fhine Gall gur éirigh thar cionn le Pardún na Samhna d’ábhar indóite

Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall gur éirigh thar cionn le pardún na Samhna a thug deis d’úinéirí tí ábhar indóite a dhiúscairt saor in aisce.

Mar chuid dá tiomantas an timpeallacht a chosaint agus cur leis an tionscnamh Oíche Shamhna Níos Sábháilte, ghlac ionaid athchúrsála an údaráis áitiúil i Sord agus i gCúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15, le raon ábhar cosúil le tochtanna, toilg agus doirse adhmaid ar feadh cheithre lá ar leith roimh an 31 Deireadh Fómhair.

Chuir an pobal an-spéis sa tionscnamh agus thug breis is 4,000 feithicil aghaidh ar ionad an Inbhir. Líonadh 86 scipe bruscair, mar aon le 40 cás de dhramhaíl earraí beaga leictreachais, go leor earraí móra leictreachais agus 35 bosca péinte.

Sa Chúil Mhín, thug 2,645 feithicil cuairt ar an ionad agus líonadh 79 scipe bruscair i rith na gceithre lá a bhí sonraithe don Phardún.

D’éirigh thar barr le Pardún na Samhna agus thacaigh an pobal go fonnmhar leis an tionscnamh. I dteannta le tionscnamh Fhéile na Tine, is féidir le Comhairle Contae Fhine Gall a bheith bródúil as an ról a bhí aige i gcinntiú gur bhain gach duine taitneamh as Oíche Shamhna níos Sábháilte

Mhol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, an t-údarás áitiúil as an tionscnamh a fhorbairt.  “D’éirigh thar barr le Pardún na Samhna agus thacaigh an pobal go fonnmhar leis an tionscnamh. I dteannta le tionscnamh Fhéile na Tine, is féidir le Comhairle Contae Fhine Gall a bheith bródúil as an ról a bhí aige i gcinntiú gur bhain gach duine taitneamh as Oíche Shamhna níos Sábháilte.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag David Storey, an Stiúrthóir Oibríochtaí: “I mbliana, chinneamar an pardún a thairiscint chun an méid ábhair a d’fhéadfadh a bheith á chaitheamh ar thinte cnámh go háitiúil a laghdú, rud a d’fhéadfadh rioscaí sláinte agus sábháilteachta a chruthú agus damáiste a dhéanamh do spásanna oscailte poiblí, agus cúis áthais dúinn go raibh an oiread sin spéise ag an bpobal sa tionscnamh.”

“Rinne Comhairle Contae Fhine Gall infheistíocht airgeadais sa tionscnamh mar chuid dá tiomantas an tionchar comhshaoil ar limistéir ghlasa agus ar spásanna oscailte a laghdú i rith na Samhna. Tá an Chomhairle ag ullmhú anois chun an dramhaíl a dhiúscairt, rud a chosnóidh thart ar €45,000.”