€95,000 bronnta ag Comhairle Contae Fhine Gall faoin Scéim Deontas um Spórt Óige

Fingal Community Sports Hubs

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis €95,000 a bhronnadh ar 91 cumann spóirt ar fud Fhine Gall faoin Scéim Deontas um Spórt Óige.

 

Ag cruinniú de chuid na Comhairle iomláine a tionóladh i rith na seachtaine seo, cheadaigh Comhairleoirí an maoiniú seo a úsáid chun €1,050 a leithdháileadh ar gach ceann de na 91 eagraíocht ar éirigh lena n-iarratas.

 

Is é is cuspóir do na Deontais um Spórt Óige ná cabhrú le cumainn spóirt atá ar an bhfód cheana féin trealamh a cheannach agus táillí réiteoireachta/cóitseála a íoc, agus tá sé mar phríomhaidhm ag an scéim leibhéil na rannpháirtíochta ina bpobail áitiúla a fheabhsú.

 

Rinne Oifig Spóirt Fhine Gall, ar cuid de ghréasán Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spórt Éireann í, cuireadh a thabhairt do chumainn spóirt iarratas a dhéanamh ar dheontas beag faoin scéim seo. Chun an deontas a fháil, bhí ar na hiarratasóirí roinnt critéir a chomhlíonadh, amhail spóirt do dhaoine óga a bheith mar phríomhaidhm acu, chomh maith le coiste deonach bainistíochta a bheith acu freisin agus baill thofa air.

 

Dar le Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O’Brien: “Tá ríméad orm go bhfuil an maoiniú seo á leithdháileadh ar eagraíochtaí spóirt ar fud Fhine Gall a bhfuil ról thar a bheith tábhachtach acu i sláinte agus folláine ár ndaoine óga. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na hoibrithe deonaithe go léir a thugann a gcuid ama agus a gcuid fuinnimh ó chroí dá gclubanna.

 

Dúirt Príomhoifigeach Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, Marion Brown: “Is cuid ríthábhachtach de shaol an duine óig é an spórt agus tá áthas an domhain orm go bhfuil aitheantas á thabhairt air sin agus go bhfuilimid in ann maoiniú a chur ar fáil do na clubanna spóirt roghnaithe chun a chinntiú gur féidir le daoine óga i bhFine Gall leanúint ar aghaidh de thaitneamh a bhaint as spórt ina gclubanna áitiúla.”

Tar éis na n-iarratas ar fad a imscrúdú, rinneadh cinneadh deontas €1,050 a bhronnadh ar na 91 club seo a leanas:

 

1 Activmultisport Baile Átha Cliath 15

2 Cumann Snámha Aer Lingus

3 Cumann Sacair Bhaile Bhrigín

4 Cumann Rugbaí Bhaile Bhrigín

5 Cumann Dornálaíochta Bhaile Dúill

6 Cumann Sacair Bhaile Dúill Aontaithe

7 Cumann Peile Bhaile Bachaille

8 Cumann Leadóige Bhaile an Ridire Bhaile Bhrigín

9 Cumann Sacair Bhaile an Ridire

10 CLG Bhinn Éadair (Binn Éadair)

11 Cumann Sacair Chaisleán Cnucha Celtic

12 Cumann Cruicéid Chaisleán Cnucha

13 Cumann Leadóige Léana Chaisleán Cnucha

14 Cumann Badmantain Chúil Mhín

15 Cumann Snámha Chúil Mhín

16 Galfchúrsa Dhomhnach Bat

17 Cumann Leadóige Phort Reachrann Dhomhnach Bat

18 Cumann Spóirt Oilimpeacha Speisialta Phort Reachrann Dhomhnach Bat

19 Cumann Cispheile na Dublin Sonics (Baile an Tirialaigh)

20 CLG Érin go Brágh (Teach Chainnigh)

21 Sacar Cumhachtchathaoireach Eitleoirí Fhine Gall

22 Cumann Peile Fhiacha Dubha Fhine Gall (An Aill)

23 Cumann Tri-atlan Fhine Gall

24 Cumann Gailf Forrest Little (Soird)

25 Cumann Rugbaí an Gharda Síochána, Baile an Bhaspailigh

26 Cumann Peile Bhaile Gháire

27 Cumann Sacair na Gléibe Thuaidh (Baile Bhrigín)

28 Cumann Leadóige Léana an Gharráin (Mullach íde)

29 Cumann Cearáité Innisfails (Baile Ghrifín)

30 Cumann Cispheile Lochlannaigh na hÉireann (Baile Bhrigín)

31 Cumann Badmantain Kadca, Sóisearach (Baile Dúill)

32 Cumann Sacair Chionn Sáile Aontaithe

33 Acadamh Spóirt Reachrainn (Domhnach Bat/Port Reachrann)

34 Cumann Snámha Lir (Soird)

35 Cumann Stua Little Seeds (BÁC 15)

36 Cumann Lúthchleasaíochta Lusca

37 Cumann Sacair Lusca Aontaithe

38 Cumann Cispheile Mhullach Íde

39 Cumann Cruicéid Mhullach Íde

40 Cumann Haca Mhullach Íde Fhine Gall

41 Cumann Gailf Mhullach Íde

42 Cumann Leadóige & Cróice Mhullach Íde

43 Cumann Rugbaí Mhullach Íde

44 Cumann Sacair Mhullach Íde Aontaithe

45 Cumann Luamhaireachta Mhullach Íde

46 Cumann Gleacaíochta Chill Fhiontain Láir

47 CLG na Dubh Ghall (Baile Dúill)

48 Cumann Oilimpeacha Speisialta na NAC Sharks (D15)

49 Cumann Cruicéad Chontae Bhaile Átha Cliath Thuaidh

50 Cumann Leadóige Boird Chontae Bhaile Átha Cliath Thuaidh

51 CLG Uí Dhuibhir  (Baile Bhrigín)

52 Cumann Liathróide Láimhe & Slacán an tSeanbhaile

53 Cumann Cispheile Ongar Chasers

54 Cumann Cruicéid Fhéinics

55 Cumann Badmantain Fhéinics (Sóisearach)

56 Cumann Dornálaíochta Amaitéaraí Phort Mearnóg

57 Foireann Snámha Phort Mearnóg

58 Cumann Leadóige Phort Mearnóg

59 Cumann Sacair & Lúthchleasaíochta Phort Mearnóg

60 Cumann Haca Phort Mearnóg

61 Cumann Badmantain  PSLC (Port Mearnóg)

62 Cumann Sacair & Lúthchleasaíochta Raonaithe Ghleann na hAbhann

63 Cumann Sacair & Lúthchleasaíochta an Rois

64 Cumann Cruicéid an Rois

65 Cumann Lúthchleasaíochta na Sceirí

66 CLG Chláirseacha na Sceirí

67 Cumann Haca na Sceirí

68 Cumann Badmantain na Sceirí (Sóisearach)

69 Cumann Leadóige Léana na Sceirí

70 Cumann Rámhaíochta na Sceirí

71 Cumann Rugbaí na Sceirí

72 Cumann Seoltóireachta na Sceirí

73 Cumann CLG Naomh Sylvester

74 Cumann Póló Uisce Naomh Uinseann (BÁC 15)

75 Cumann Peile Naomh Colm Cille (Soird)

76 Cumann Sacair & Lúthchleasaíochta Naomh Íde (Domhnach Bat/Port Reachrann)

77 Cumann CLG Naomh Margaret

78 Cumann Sacar Naomh Mochta

79 Cumann CLG Naomh Peregine

80 Cumann Haca na Suttonians

81 Cumann Cispheile Shoird

82 Cumann Dornálaíochta Shoird

83 Cumann Sacair na mBuachaillí Scoile Celtic

84 Cumann Sacair Mhainéar Shoird

85 Cumann Taekwon-do ITF Warriors Inclusion (Soird)

86 Cumann Leadóige Léana Trackside (Baile Dúill)

87 Cumann Cruicéid Bhaile an Tirialaigh

88 Cumann Sacair Verona

89 CLG Ghaeil Bhaile an Bhaspailigh

90 Foichí Bhaile an Bhaspailigh

91 CLG na nGéanna Fiáine

IOMLÁN €95,550

 

Críoch

 

Tuilleadh eolais ó [email protected]