Déanann Comhairleoirí Clár Caipitil de €619m a Fhaomhadh

Rinne Comhairleoirí Clár Caipitil arbh fhiú €619m é a fhaomhadh ag cruinniú míosúil na Comhairle anocht i Halla an Chontae, Sord.

 

Rinne Comhairleoirí Clár Caipitil arbh fhiú €619m é a fhaomhadh ag cruinniú míosúil na Comhairle anocht i Halla an Chontae, Sord.

 

Tá méadú de €30.6m i gceist leis an gclár rollach trí bliana don tréimhse idir 2020 agus 2022, a bhfuil seacht rannán páirteach ann, i gcoinne Chlár Caipitil 2019-2021, agus méadú de 91% ar an tsuim de €324m dá bhforáladh sa Chlár Caipitil 2017-2019.

 

Áirítear 236 tionscadal leis san iomlán agus is ionann an caiteachas measta ann agus €187m in 2020. An bhliain dár gcionn, 2021, beidh caiteachas caipitil thart ar €233m ann agus €209m curtha in áirithe don bhliain 2022.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Mar gheall ar thábhacht Fhine Gall don gheilleagar náisiúnta agus do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, tá sé tábhachtach go gcaitear ár mbuiséad caipitil go straitéiseach, agus creidim go bhfuil sé seo bainte amach againn inár gClár Caipitil 2020-2022. Tá béim láidir curtha ar an tithíocht agus ar an infreastruchtúr chomh maith leis an fhorbairt gheilleagrach agus phobail agus tá ár dtiomantas don Athrú Aeráide i leathadh amach leanúnach Soilsithe Sráide LED, Pointí Muirir Feithiclí Leictreacha agus an bonneagar rothaíochta.”

 

Caithfear beagnach leath chuid de mhaoiniú an Chláir Chaipitiúil ar an tithíocht de réir mar a leanann an Chomhairle lena tiomantas chun dul i ngleic go hiomlán le Plean Gníomhaíochta Tithíochta agus Easpa Dídine na hÉireann. Tá breis is €94m curtha ar leataobh le haghaidh na tithíochta in 2020 agus €208m le caitheamh thar an dá bhliain ina dhiaidh sin.

 

Beidh tionscadail Phleanála agus Bonneagair Straitéisigh, amhail Acomhal Bhóthar Dhromainn na gCloch i mBaile Átha Cliath 15, cothrom le €36m in 2020 agus tá tiomantas iomlán de €151m le haghaidh na tréimhse trí bliana den Chlár Caipitil.

 

Tá soláthar déanta freisin don bhonneagar rothaíochta agus tá caiteachas de €43m beartaithe don tréimhse trí bliana amach romhainn le Tionscadail Ghlasbhealaigh ar nós Bhealach an Mhóinéar Leathain , Bhealach Cósta Fhine Gall agus Fhéarbhealach Uirbeach na Canála Ríoga. Tá an bonneagar rothaíochta áirithe sa chlár infheistíochta bóthair lena gcuimsítear tionscadail ar nós Bhóthar an R135 Thuaidh, Bhóthar Bhaile Cóilín agus an bealach idir Sord agus Inbhear Mhullach Íde.

 

Is ionann an Fhorbairt ar Fhiontar Eacnamaíoch agus Turasóireachta agus beagnach €73m, agus beidh €23m caite le linn 2020 ar thionscadail dála na dTithe Cúirte atá againn i mBaile Brigín agus i mBinn Éadair chomh maith le ceannachán tailte forbraíochta agus na dtailte tionsclaíocha atá ann cheana féin a sheirbhísiú agus a fheabhsú.

 

Leanfar ar aghaidh le forbairt Cheathrú Cultúrtha Sord sa tréimhse trí bliana amach atá amach romhainn agus tá sé beartaithe go gcuirfear go mór leis an tionscadal in 2020 tar éis an fhógra a bheith tugtha gur ceapadh Turner agus Townsend ina mBainisteoirí Tionscadail. Cuimsíonn an Cheathrú Cultúrtha na foirgnimh atá ann cheana féin, dála Chaisleán Sord, an tAitriam ag Halla an Chontae agus Halla Carnegie ar Shráid an Tuaiscirt, agus tá Ionad Cathartha agus Leabharlann Contae nua le bheith tógtha ar an acomhal idir an tSráid Thuaidh agus Bóthar Bhaile na Mara.

 

Caithfear breis is €13m ar bhonneagar Comhphobail le linn na trí bliana atá amach romhainn, agus mar chuid den obair sin cuirfear tionscadail na nIonad Pobail i mBaile an Mhuilinn agus i mBaile Dúill ar aghaidh.

 

Leanann tiomantas na Comhairle chun soilsiú sráide LED a thabhairt isteach agus €5.3m le caitheamh sa tréimhse trí bliana amach romhainn lena n-áirítear €2.4m in 2020 agus 2021.

 

Maoinítear an Clár Caipitil ó fhoinsí éagsúla agus ina measc tobhaigh, iasachtaí, deontais agus sreafaí ioncaim na Comhairle féin.

 

Is féidir breathnú ar chur i láthair Chlár Caipitil 2020-2022 do chomhairleoirí ag www.fingal.ie/council-meetings

 

Is féidir breathnú ar chóip de Chlár Caipitil 2020-2002 ag https://www.fingal.ie/council/service/capital-programme

 

CRÍOCH

Chun teacht ar thuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le [email protected]