Déanann Comhairle Contae Fhine Gall Comhghairdeas le Coistí na mBailte Slachtmhara as an rath a bhí orthu in 2019

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall comhghairdeas a dhéanamh le gach Coiste na mBailte Slachtmhara i bhFine Gall ar éirigh go maith leo arís tar éis torthaí chomórtas na bliana seo a fhógairt ar Dé Luain, 30 Meán Fómhair. Tá comórtas na mBailte Slachtmhara SuperValu ar an bhfód le níos mó ná 60 bliain anois agus ba é Glasloch, Contae Mhuineachán an buaiteoir foriomlán. Roghnaíodh an buaiteoir as 918 iontráil sa chomórtas i mbliana, arb ionann é sin agus an líon is airde iontrálaithe sa chomórtas riamh. 

Skerris Mill Tidy Town

Skerries committee, who won the National Award in 2016, won the County title again as well as a Gold Medal. They received 338 points in the F Category (population between 10000 and 15,000) which is 5 points more than last year.  

Bhuaigh coiste na Sceirí, a bhuaigh an Duais Náisiúnta in 2016, craobh an Chontae arís chomh maith le Bonn Óir. Fuair siad 338 pointe i gCatagóir F (daonra idir 10,000 agus 15,000) arb ionann é sin agus 5 phointe níos mó ná an bhliain seo caite.  

Fuair Mullach Íde bonn óir arís tar éis don bhaile 327 pointe a fháil i gCatagóir G (daonra idir 15,000 agus 25,000). Bronnadh bonn airgid ar Shord i gCatagóir H (daonra 25,000 nó os a chionn) tar éis don bhaile 323 pointe a fháil. Fuair ball an choiste Matt Cullen ardmholadh i gcatagóir Laochra an Phobail. Fuair Lusca bonn cré-umha tar éis 316 pointe a fháil i gCatagóir E (daonra idir 5,001 agus 10,000).    Fuair na coistí díograiseacha go léir ar fud Fhine Gall níos mó pointí in 2018 mar chúiteamh ar son a n-iarrachtaí. Fuair An Aill 15 phointe níos mó agus chuaigh Caisleán Cnucha ar ais sa chomórtas arís i mbliana.

Tá na torthaí ar fad thíos:

Baile  (Catagóir)

2018

2019

Baile Bachaille (A)

283

289

An Aill (A)

230

245

Baile an Ridire (C)

253

258

Lusca (D)

311

316

Binn Éadair (D)

281

287

An Ros (D)

278

286

Port Mearnóg (D)

239

245

Na Sceirí (F)

333

338

Mullach Íde (G)

320

327

Baile Brigín (G)

291

296

Caisleán Cnucha (G)

 

230

Sord (H)

317

323

 

Mhol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien, coistí na mBailte Slachtmhara. Dúirt sé, "Is iontach a fheiceáil go bhfuil obair dhian choistí na mBailte Slachtmhara i bhFine Gall á haithint leis na duaiseanna seo. Nuair a thugaim cuairt ar chearnaí éagsúla an Chontae mar mhéara, chonaic mé torthaí a gcuid iarrachtaí chun cuma na gceantar a fheabhsú, chomh maith le tionchar dearfach a imirt ar an gcomhshaol agus spiorad pobail a chothú."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall: "Tá meas mór ar iarrachtaí Choistí na mBailte Slachtmhara ar fud an Chontae. Oibríonn siad chun áit níos fearr a dhéanamh d'Fhine Gall le maireachtáil ann, cónaí ann nó cuairt a thabhairt air. Tá ríméad ar Rannóg Oibríochta Fhine Gall faoina idirchaidreamh dearfach leis na grúpaí sin fad a oibríonn siad chun ár bpobail a choinneáil saor ó bhruscar, chun feabhas a chur ar ár dtírdhreach nádúrtha agus chun bithéagsúlacht a fheabhsú agus obair a dhéanamh ar son na haeráide trí phlandú atá báúil do phailneoirí a dhéanamh."

Dúirt Stiúrthóir Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall: "Is léiriú iad duaiseanna na mBailte Slachtmhara i mbliana ar iarrachtaí leanúnacha agus tiomantas na gcoistí go léir ar fud Fhine Gall. Tá ríméad orm arís a fheiceáil go bhfuil a gcuid tiomantais agus oibre déine á n-aithint."

ENDS

For further information, please contact [email protected]

Full details can be downloaded from : https://www.tidytowns.ie/