Dámhachtain Seaimpín Right to Read bronnta ar Leabharlanna Fhine Gall

Right to Read

Tá Dámhachtain Seaimpín Right to Read bronnta ar Leabharlanna Fhine Gall mar aitheantas ar na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun acu tacú le forbairt na litearthachta tríd an tseirbhís leabharlainne.

Bhronn an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Seán Canney, na Dámhachtainí Seaimpín Right to Read, ar cuid é de thionscnamh comhoibríoch trasrialtais a sholáthraíonn creat atá á chomhordú go náisiúnta do thacaíocht na litearthachta agus forbairt na léitheoireachta i ngach údarás áitiúil.

Ba é an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil a reáchtáil na Dámhachtainí ag Teach an Rialtais Áitiúil i mBaile Átha Cliath. Bronnadh dámhachtainí ar 30 údarás leabharlainne mar aitheantas ar an tacaíocht atá á cur ar fáil agus ar chur chun cinn forbairt scileanna litearthachta trí thionscnaimh cosúil le ‘Summer Stars Reading Programme’ agus ‘Spring in to Storytime’.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire le linn dó a bheith ag labhairt ag an imeacht: “Cúis áthais dom a bheith i láthair anseo inniu chun na Dámhachtainí Seaimpín Right to Read a bhronnadh ar údaráis áitiúla a stiúir agus a chur an Clár Right to Read ar fáil. Is tionscnamh iontach é, a chiallaíonn go bhfuilimid tiomanta, ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil, do chaighdeáin litearthachta a fheabhsú.”

Ar leibhéal áitiúil, tá an clár Right to Read á chur ar fáil ag seirbhísí leabharlainne poiblí i ngach údarás poiblí agus tá comhordaitheoir  Right to Read i ngach seirbhís leabharlainne i mbun maoirseachta ar chur i bhfeidhm an chláir.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Marguerite Drake, Leabharlannaí Sinsearach Fhine Gall agus comhordaitheoir Right to Read, a ghlac leis an dámhachtain: “Táim fíorshásta a bheith anseo inniu agus go bhfuil aitheantas á thabhairt don obair atá á déanamh ag seirbhísí leabharlainne poiblí chun tacú le agus forbairt na litearthachta a chur chun cinn. Is gné thábhachtach den tseirbhís leabharlainne é agus cúis áthais dom is ea go bhfuil aitheantas á thabhairt don obair seo.”

CRÍOCH

Más spéis leat tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected]

 

Nótaí do na heagarthóirí:

Is tionscnamh comhoibríoch trasrialtais é Right to Read a sholáthraíonn creat atá á chomhordú go náisiúnta do thacaíocht na litearthachta agus forbairt na léitheoireachta i ngach údarás áitiúil. Tá sé á mhaoiniú go príomha ag údaráis áitiúla agus tá sé á chur chun feidhme trí Phleananna Gníomhaíochta Right to Read i ngach cathair agus contae. Tacaíonn Right to Read le forbairt na litearthachta i measc daoine aonair, teaghlach agus leanaí agus soláthraíonn sé príomhsheirbhísí, acmhainní agus tionscnaimh do raon grúpaí úsáideoirí.

Right to Read ag cur le agus ag tacú le straitéisí agus tionscnaimh náisiúnta atá ann cheana féin, lena n-áirítear Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta na Roinne Oideachais agus Scileanna. 

Bunaíodh Grúpa Stiúrtha náisiúnta Right to Read chun tacú le forbairt creatchlár náisiúnta.  I measc na mball tá Leabharlannaithe Cathrach agus Contae, mar aon le hionadaithe ó CCMA, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, trí Spórt Éireann.  Tá sé faoi chathaoirleacht na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.

 

Cuspóirí an Chláir

Seo a leanas cuspóirí an chláir  –

  • tacaíochtaí forbartha éifeachtacha agus comhordaithe litearthachta agus léitheoireachta a chur ar fáil atá dírithe ar gach ball den phobal agus raon cineálacha litearthachta,
  • leibhéal litearthachta an phobail a fhorbairt trí scileanna litearthachta a shealbhú, cleachtais léitheoireachta a fhorbairt, agus tacú le foghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil,
  • struchtúr líonra inbhuanaithe agus foirmiúil a bhunú chun na daoine agus na grúpaí a dteastaíonn tacaíocht uathu a aithint agus dul i bhfeidhm orthu,
  • maoirseacht náisiúnta a sholáthar lena chinntiú go gcuirtear leibhéal comhsheasmhach tacaíochta ar fáil do phobail agus do dhaoine aonair ar fud na tíre, agus
  • cur le haon seirbhísí litearthachta atá bunaithe cheana féin i bpobail, lena n-áirítear na Boird Oideachais agus Oilúna agus seirbhísí litearthachta d’aosaigh. 

 

Dámhachtain Seaimpín Right to Read, Tacaíocht agus Maoirseacht Náisiúnta

Is tionscnamh náisiúnta é Dámhachtain Seaimpín Right to Read a thugann aitheantas do na hiarrachtaí a dhéanamh údaráis áitiúla aonair gach bliain chun tacú le forbairt scileanna litearthachta agus iad a chur chun cinn agus chun cláir litearthachta fhreagrúla a chur ar fáil ar fud an údaráis.

 

Tá an preasráiteas / fógra meán seo á sheoladh chugat mar go bhfuil tú liostáilte chun liosta meán na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail a fháil faoi láthair.

Mura bhfuil tú ag iarraidh ríomhphoist cosúil leis seo a fháil ón Roinn níos mó, is féidir leat díliostáil trí [email protected] nó an ríomhphost seo a fhreagairt agus an focal “díliostáil” a chur i líne an ábhair agus déanfaimid iarracht do sheoladh ríomhphoist a bhaint ónár mbunachar sonraí.