Cuirtear tús le réamhoibreacha ar Scéim Athnuachana Bhaile agus Shráidbhaile Phort Reachrann

Chuir an Roinn Oibríochtaí tús le réamhoibreacha i bPort Reachrann ina bhforbrófar pointe fócais i Sráidbhaile Phort Reachrann.

An image of Portrane

Déanfar an t-ancaire a aistriú agus a athlonnú mar ghné lárnach ar an spás oscailte taobh le Teach Tábhairne The Brook, agus beidh ceapacha bláthanna timpeall air.  Gabhfaidh cosáin a fhad leis an ancaire agus cuirfear crainn taispeántais leathaibí timpeall an spáis oscailte. Déanfar an crann Nollag a athlonnú chuig an spás oscailte seo, freisin.

Chomh maith leis sin, déanfar plandaí a chothaíonn pailneoirí, bleib agus bláthanna fiáine ina measc, a thiocfaidh i mbláth ó Fheabhra go Samhain a chur timpeall na faiche.

Rinneadh comhaontú ar an obair seo i ndiaidh tréimhse chomhairliúcháin le Grúpa Athnuachana Shráidbhaile Phort Reachrann.