Ceapadh AnnMarie Farrelly mar Phríomhfheidhmeannach nua Chomhairle Contae Fhine Gall

Cheap Comhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly go foirmiúil mar a Príomhfheidhmeannach nua.

AnnMarie Farrelly Chief Executive Fingal County Council

Ag cruinniú speisialta inniu (Dé hAoine, an 1 Samhain), rith baill thofa Chomhairle Contae Fhine Gall rún chun an tUasal Farrelly a cheapadh le post an Phríomhfheidhmeannaigh. Thacaigh an Grúpa Beartais Chorparáidigh an tseachtain seo caite d’aon ghuth le moladh na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

Agus fáilte á cur aige roimh an gcepachán dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O'Brien "Bhí gliondar croí orm tacú le moladh an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí chun AnnMarie Farrelly a cheapadh. Creidim go docht gaingean gurb í an duine ceart chun ár nÚdarás Áitiúil a stiúradh. Fostaí eiseamláireach sa tseirbhís phoiblí í a bhfuil sáreolas aicí ar an earnáil. Duine fíorghairmíúil í AnnMarie Farrelly a léiríonn an meas is mó ar a comhghleacaithe i gComhairle Contae Fhine Gall agus ar na Baill Thofa"

Déantar an séú duine den Uasal Farrelly, agus an chéad bhean, a ghlacfaidh ceannas ar ról Phríomhfheidhmeannach/Bhainisteoir Contae Chomhairle Contae Fhine Gall, a bhfuil ceiliúradh á dhéanamh aici ar bheith ar an bhfód le 25 bliain anuas i mbliana. Tá post Príomhfheidhmeannaigh Eatramhaigh aici ó Bhealtaine i ndiaidh gur imigh Paul Reid chun tabhairt faoi ról POF Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ag labhairt di faoina ceapachán, dúirt an tUasal Farrelly gur “onóir agus pribhléid” é a bheith ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall.

Bhain mé an t-ardról ceannaireachta seo amach mar gheall ar an taithí agus na deiseanna ollmhóra gairm bheatha a thug an rialtas áitiúil dom.  Ba phribhléid i gcónaí é a bheith ag oibriú sa rialtas áitiúil agus tá sé i bhfad níos fearr, fiú, mar gheall go bhfuilim ag oibriú i gContae ar nós Fhine Gall.”

“Tá claochlú tagtha ar an gContae ó bunaíodh an Chomhairle sa bhliain 1994. Le 25 bliain anuas, mar shampla, tá méadú faoi dhó tagtha ar ár ndaonra aníos go dtí 300,000 duine. Tá ár rátaí ioncaim, arbh ionann iad agus €3.7 milliún thiar sa bhliain 1994, ardaithe aníos go dtí €129 milliún i mbliana.  Tugann an leibhéal seo borrtha an rath atá orainn le fios, ach chuir sé roinnt dúshlán romhainn, chomh maith, a leanfaimid ag dul i ngleic leo.”

Dúirt sí, chomh maith: “Is mian liom cur lenár n-éachtaí go dtí seo agus oibreoidh mé leis an gComhairle lena chinntiú go leanann an Contae faoi rath agus lena chinntiú go gcosnaímid caighdeán beatha na ndaoine a chónaíonn anseo trí chabhrú le dul i ngleic lena riachtanais tithíochta, gheilleagracha agus caitheamh aimsire.

“Is mian liom a chinntiú, chomh maith, go leanann Fine Gall bheith mar chomhairle bheoga, a fhéachann amach agus a dhea-reáchtáiltear agus go bhfáiltímid roimh dheiseanna agus éagsúlacht.  Beidh orainn ceannas a ghlacadh ar shaincheisteanna ar nós Gníomhú ar son na hAeráide, feabhsú iompair phoiblí, fostaíochta agus tithíochta.

“Mar údarás áitiúil, is gá dúinn an méid atá againn a chosaint, a bhainistiú agus a fheabhsú agus pleanáil agus ullmhú dár mborradh agus fairsingiú inbhuanaithe amach anseo. Is tábhachtach, chomh maith, go dtugaimid faoinár gcroífhreagrachtaí go maith agus beartaím chun leanúint ag díriú ar an limistéar seo, go háirithe ar ár róil mar rialaitheoir.”

Dúirt an tUasal Farrelly, mar fhocal scoir: “Leanfaidh mé le m’fhoireann bhainistíochta agus mo bhaill foirne, chun tionscadail bhunriachtanacha a sholáthar, soláthar tithíochta ina measc ar thailte poiblí ag Domhnach Bat, claochlú leanúnach Shoird, athghiniúint Bhaile Brigín agus Bhealach an Chósta, anuas ar thionscadail thábhachtacha i mBaile Átha Cliath 15, ar nós Uasghrádú Acomhal Snugborough, agus le caighdeán maith beatha a chinntiú dár saoránaigh go léir, idir óg agus aosta.”

Is as an gCorr Dhubh, Contae Mhuineacháin, do AnnMarie agus tá sí pósta agus tá beirt leanaí aici.  D’oibrigh an tUasal Farrelly roimhe seo do Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath sular thosaigh sí ag oibriú le Comhairle Contae Fhine Gall nuair a bunaíodh é i 1994. Ba í chéad Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ó 2011 go 2015 sular oibrigh sí mar Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh ó 2015 go 2019. Bhí sí mar chathaoirleach roimhe seo ar Bhoird Ionad Ealaíon Shéamais Ennis agus Ionaid Fiontair Base agus Dhraighneáin. 

Mayor of Fingal Eoghan O'Brien with new Chief Executive AnnMarie Farrelly

"Is mian liom cur lenár n-éachtaí go dtí seo agus oibreoidh mé leis an gComhairle lena chinntiú go leanann an Contae faoi rath agus lena chinntiú go gcosnaímid caighdeán beatha na ndaoine a chónaíonn anseo trí chabhrú le dul i ngleic lena riachtanais tithíochta, gheilleagracha agus caitheamh aimsire."

            AnnMarie Farrelly Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall