Baineann an Chomhairle báid bhriste as Cuan Bhaile Brigín

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag baint trí bhád briste de Chuan Bhaile Brigín mar chuid dá pleananna chun feabhas a chur ar an gCuan faoin bPlean Athnuachana Bhaile Brigín.

 

Bhí foireann ó Rannóg Oibriúcháin na Comhairle i gceannas ar an oibríocht. Tar éis na báid a ardú ón uisce, cuireadh ar leoraí iad agus thóg an fhoireann leo iad chun iad a bhriseadh suas. Bhí roinnt de na báid bhriste sa Chuan le roinnt blianta anuas.

 

Cuirfear feabhas ar an gCuan mar cheann de na 20 rud a dhéanfar sa chéad 12 mhí den Phlean Athnuachana Ár mBaile Brigín 2019-2025. Anuas ar na báid bhriste a bhaint, tá sé beartaithe chomh maith soilsiú a shuiteáil taobh istigh de dhroichead stairiúil tarbhealaigh an bhaile agus cumhacht a sholáthar don Chuan. I measc na n-oibreacha eile ar na bacáin, tá an t-athchóiriú ar an Teach Bád de chuid Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála.

Tús an phróisis chun ceantar an chuain a athshamhlú is ea iad na feabhsúcháin seo. Cruthófar cé agus éadan le huisce atá iontach agus bríomhar agus nascfar a lán deiseanna áineasa agus turasóireachta.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Is cor suntasach sa tionscadal Ár mBaile Brigín é seo, mar tá acmhainneacht an-mhór ag baint le ceantair an chuain agus is cuid ríthábhachtach dár bPlean Athnuachana é athfhorbairt an chuain."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Tá an fhoireann Ár mBaile Brigín ag obair go dian chun a ngealltanas chun 20 rud a chur i gcrích sa chéad bhliain den Phlean. Déanfar feabhsúcháin bhreise sa chéad chúpla mí eile ar Chuan Bhaile Brigín chun an gealltanas chun feabhas a chur ar Chuan Bhaile Brigín a chomhlíonadh."

Chun físeán a fheiceáil, cliceáil https://bit.ly/2P1vEhM.

Críoch

Teideal:

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag baint trí bhád briste de Chuan Bhaile Brigín mar chuid dá pleananna chun feabhas a chur ar an gCuan faoin bPlean Athnuachana Bhaile Brigín.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le [email protected] .