Fóram Cathracha Cliste Uile-Éireann

Is cleachtas poiblí é an Fóram Cathracha Cliste Uile-Éireann atá dírithe ar fhorbairt cathracha i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann trí chur i bhfeidhm, agus cruthú luacha ginte ag cláir cathracha cliste.

All Ireland Smart Cities Forum

Páirteach san Fhóram tá oifigigh cathrach a bhfuil neart eolais agus saineolais acu ar chlár oibre cathrach cliste atá ag forbairt, agus ar na deiseanna a chruthaíonn sé seo d’fhás agus d’infheistíocht amach anseo.

Mar chuid den tionscnamh comhoibríoch seo, a bhfuil Ollscoil Mhá Nuad ag tacú leis, oibreoidh na cathracha atá páirteach ann chun tuairimí a roinnt, tacú le taighde comhoibríoch agus comhairle a chur ar pháirtithe leasmhara maidir le comhthosaíochtaí cathrach. Páirteach sa tionscnamh trasteorann seo tá ionadaithe ó na húdaráis áitiúla seo a leanas - Fine Gall, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Port Láirge, Baile Átha Cliath Theas, Cathair Bhaile Átha Cliath, Béal Feirste, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Doire, a dhéanfaidh iniúchadh ar dhúshláin choiteanna a bhaineann le beartais agus tionscadail cathracha cliste a chur chun feidhme.

Más spéis leat tuilleadh eolais faoin bhFóram Cathracha Cliste Uile-Éireann tabhair cuairt ar - http://smartcitiesireland.org/