Mary Coughlan i mbun amhránaíochta i mBaile Brigín

 

Beidh Mary Coughlan, an t-amhránaí clúiteach gormacha agus snagcheoil ar an stáitse in Óstán an Bracken Court, i mBaile Brigín ar an Domhnach, an 1 Nollaig.

I dteannta le Mary ar an stáitse beidh na haíonna speisialta, The Hampton Trio, mar chuid de cheolchoirm atá á reáchtáil ag Balbriggan Autumn Jazz agus a bhfuil Ár mBaile Brigín agus Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú leis.

Billie Holiday na hÉireann a thugtar ar Mary, ceann de na banamhránaithe snagcheoil agus gormacha is fearr in Éirinn, agus tá cáil agus tóir uirthi ar fud an domhain mhóir.

Is cuma más spéis leat ceol tíre, na gormacha nó snagcheol, rachaidh a glór lán mothúcháin, brí agus cumhachta, atá fréamhaithe sa saol iontach a chaith sí, i bhfeidhm ort.

Tharraing a céad albam, Tired and Emotional, a eisíodh in 1985 clú agus cáil uirthi, agus i ndiaidh 15 albam eile a eisiúint, níl a cumas nasc a chruthú leis an amhrán agus lena lucht éisteachta imithe i ndísc.

Bhí an méid seo a leanas le rá aici, “thosaigh mé ag canadh, dhúnfainn mo shúile agus ní fhéadfaí stop a chur liom. Agus thuig daoine céard a bhí ag tarlú.”

“Rinne mé gig. Bhí ceathrar ann an chéad oíche, agus an Mháirt dár gcionn, bhí scuaine timpeall an chúinne. Bhí an saol go hiontach.

“An bhliain dár gcionn bhí mé i mbun amhránaíochta ag gach féile ar fud an domhain.”

D’éirigh léi an lámh in uachtar a fháil ar thráma le linn a hóige, alcólachas agus andúil i ndrugaí, chun a bheith ina hamhránaí eisceachtúil.

I ndiaidh di blianta fada a chaitheamh ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar an andúil agus ar an tráma, tá sí sóbráilte ó 1993, agus tá cónaí uirthi anois faoi tuath i dteach a thóg sí di féin sé bliana ó shin ar an nGabhal Mhór i gCo. Chill Mhantáin.

I láthair ar an oíche freisin, beidh na haíonna speisialta John Graham agus a bhanna ceoil The Hampton Trio.

Tá cáil ar The Hampton Trio i ngeall ar an snagcheol clasaiceach agus ar mhóramhráin Mheiriceá, agus cruthaíonn siad ceol ar an bpianó, ar an sacsafón agus canann siad clasaicigh Nat King Cole, Frank Sinatra, Perry Como, Burt Bacharach agus Tony Bennett, mar aon le clasaicigh aduaine.

Cosnaíonn na ticéad €18 móide táille áirithinte, agus beidh siad ar fáil in Óstán an Bracken Court agus i Supervalu Bhaile Brigín, agus ar líne ar Eventbrite. Beidh na doirse ar oscailt ag 7.15pm.