ABBA Forever - Seó na Nollag 2019

Bíonn spraoi againn aon uair a bhíonn ABBA thart, ach is maith an leithscéal é seó na Nollag chun cóisir fhíormhaith a bheith againn! Déanann an banna ómóis seo ceiliúradh glórach agus bródúil ar ABBA agus canaimid go léir in éineacht leo! Seo é an bealach foirfe le tús a chur le ceiliúradh na Nollag! Is é seo an chóisir is fearr ar an mbaile, gan aon amhras!

Mar sin, MAMMA MIA, seo muid arís! Dar fia, conas is féidir linn diúltú duit!! Seó thar cionn. Canann na cailíní, Lucinda agus Marie, go hiontach agus casann na leaids, Denis agus Rae, thar cionn. Téimid siar sna blianta le físeanna agus fuaimeanna den chéad scoth agus roinnimid cora cinniúnacha i stair ABBA leat!