Ionad Siopadóireachta Pavillions

Swords Pavilions Interior

Tá Ionad Siopadóireachta an Pavilions suite i Sord, agus is ionad siopadóireachta é atá ar thús cadhnaíochta i mBaile Átha Cliath Thuaidh, ina bhfuil 90 siopa, bialann agus caifé chomh maith le hamharclann Movies@Swords le 11 scáileán, agus iad go léir faoin aon díon amháin. 

Oscailte seacht lá na seachtaine, ní fhéadfadh turas siopadóireachta ar Pavilions a bheith níos éasca. 

Tá sé suite ar Bhóthar Mhullach Íde giota beag ón M1, rud atá an-áisiúil agus tá breis agus 2000 spás páirceála ann agus tá an chéad dá uair saor in aisce.