Trá Loch Sionnaigh

Loughshinny Scene 5

Is sráidbhaile beag cois farraige é Loch Sionnaigh le trá faoi fhoscadh atá cosúil le cuas, calafort iascaigh gníomhach, áit le haghaidh picnicí agus carrchlós poiblí. 

Freastalaíonn Bus Éireann ar Loch Sionnaigh. Tá stad an bhus ar an bpríomhbhóthar idir na Sceirí agus an Ros, agus glacann sé 20 nóiméad chun siúl ó stad an bhus. Má tá tú ag taisteal i ngluaisteán, tá carrchlós poiblí ag an trá.

Oibrítear leithris phoiblí agus stáisiún garda tarrthála i rith mhíonna an tsamhraidh amháin. Nuair a bhíonn garda tarrthála ar dualgas, beidh bratacha dearga nó buí ar foluain ag an stáisiún. Bíonn garda tarrthála ar dualgas idir 11 am agus 7 pm ar an deireadh seachtaine i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa.

Is trá aitheanta í Trá Loch Sionnaigh faoi na  Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha, 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008). Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil www.beaches.ie.