Trá Claremont

Claremont Beach

Is trá bheag atá cosúil le cuas í Trá Claremont atá cóngarach don chalafort i mBinn Éadair. Bíonn ráchairt mhór ar an trá an bhliain ar fad agus tá roinnt tábhairní agus bialanna ar Bhóthar an Chalafoirt agus i sráidbhaile Bhinn Éadair féin. 

Tá Trá Claremont suite cóngarach do Chalafort Bhinn Éadair.

Dublin Bus operates the 31B from Dublin City Centre,which stops at the beach. Alternatively,  Irish Rail operates the DART service to Howth Station. Tógann sé timpeall 10 nóiméad siúl ón stáisiún traenach go dtí an trá.  Má tá tú ag taisteal i ngluaisteán, féach an nasc le Léarscáileanna Google sa taobh-bharra Láithreach ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo chun do bhealach a phleanáil. 

Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ó 11 am go 7 pm ar an Satharn agus an Domhnach i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa.

Is trá aitheanta í Trá Claremont faoi na  Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha, 2008 (I.R. Uimh. 79 de 2008). Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil www.beaches.ie.