Trá Bhaile Brigín

Tá Trá Bhaile Brigín cóngarach don Phríomhshráid, taobh thiar de tharbhealach bríce agus aolchloiche ina bhfuil aon áirse dhéag. Tá calafort iascaigh gníomhach taobh leis an trá, áit a mbíonn trálaeir ag teacht agus ag imeacht ar an lán mara.

Tá Trá Bhaile Brigín suite lastoir de Phríomhshráid Bhaile Brigín, agus tá sé gar do Mhótarbhealach an M1. 

Oibríonn Bus Átha Cliath seirbhís 33B ó lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá stad bus ar an bPríomhshráid. Mar rogha air sin, glacann sé 5 nóiméad chun siúl ó stáisiún Iarnród Éireann Bhaile Brigín chuig an trá. Má tá tú ag taisteal i ngluaisteán, féach an nasc le Léarscáileanna Google sa taobh-bharra Láithreach ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo chun do bhealach a phleanáil. 

I measc na n-áiseanna, tá carrchlós poiblí íoc agus taispeáin, leithris phoiblí, agus stáisiún garda tarrthála a oibrítear i rith mhíonna an tsamhraidh amháin. Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ó 11 am go 7 pm ar an Satharn agus an Domhnach i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa.

Is trá aitheanta í Trá Bhaile Brigín faoi Bathing Water Quality Regulations 2008 (SI No. 79 of 2008). Déantar monatóireacht ar an gcáilíocht uisce go rialta ó lár mhí an Mheithimh go dtí lár mhí Mheán Fómhair gach bliain. Bíonn torthaí na cáilíochta uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil www.beaches.ie.