Teach agus Feirm an Droichid Nua

Newbridge House 6

Osclaíodh Diméin Theach an Droichid Nua mar pháirc réigiúnach i 1986 agus cuimsítear ann thart ar 370 acra de thalamh féaraigh droimneach réidh, siúlóidí coille, fialann, áith aoil, fothrach Chaisleán Bhaile an Lóndaigh, sruthchúrsaí, agus gairdín pléisiúir.

Is é Teach an Droichid Nua croílár na Diméine. Ba iad muintir Cobbe a thóg an teach i lár na 1700idí, agus tá sé ar oscailt don phobal.  Tá bialann agus réimse cróite spéisiúla sa chlós dhuirleogach.  I measc na nithe eile is díol spéise do chuairteoirí, áirítear Feirm Thraidisiúnta an Droichid inar féidir féachaint ar sheanphórtha ainmhithe feirme, mar aon le taispeántais d’innealra a bhíodh in úsáid i gcúrsaí feirmeoireachta in Éirinn le cúpla céad bliain anuas. Tá úlloird fhairsingí sa Gharraí Daingean, mar aon le bailiúcháin de na cineálacha úill a bhíodh in Éirinn tráth.  Rinneadh athchóiriú le déanaí ar dhá theach gloine ón 19ú haois, agus tá ciumhsóga bláthanna curtha in áiteanna áirithe sa ghairdín daingean.  

I ndiaidh gur fágadh an teach le hoidhreacht le muintir Cobbe leis na céadta anall, thug an teaghlach an teach do Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath (Comhairle Contae Fhine Gall anois) agus dhíol said an diméin leis an gComhairle, i ndiaidh gur iontráil siad comhaontú neamhghnách inar comhaontaíodh chun pictiúir, troscán, airnéisí agus cáipéisí a bhí faoi úinéireacht an teaghlaigh le stair a choimeád sa teach agus ina leanann muintir Cobbe ag cónaí ann. Mar thoradh ar an gcomhaontú seo, níor athraíodh an taobh istigh de Theach an Droichid Nua, ach chomh beag, agus tá sé ar cheann de na cinn is fearr atá caomhnaithe in Éirinn.

Idir móinéir dhroimneacha faoi bhláthanna fiáine na Páirce agus galántacht mhaorga an Tí Sheoirsigh, cruthaíonn Diméin an Droichid Nua fíor-eispéireas do gach duine beag beann ar a n-aois agus ar an séasúr.  Baineann teaghlaigh scoth an taitnimh as an bhFeirm oibre ón 18ú haois agus as an gClós Súgartha Eachtraíochta den chéad scoth, agus cuireann greim bhlasta bhia atá déanta ag baile sna Seomraí Tae sa Chlós barr feabhais ar a gcuairt.  Iontráiltear an Fheirm tríd an gclós doirneogach ón 18ú haois agus is féidir cuairt a thabhairt ar réimse fairsing d’ainmhithe idir Sealtannaigh agus capaillíní Chonamara sna banracha agus na bainbh, gabhair agus sicíní beaga sa chlós feirme.

Tá clós súgartha mór do pháistí agus páirceanna imeartha sa Pháirc freisin.

Tá an teach ar na comharthaí bóthair ón M1/N1 díreach lastuaidh de Shord má thaistealaítear ann i ngluaisteán. Má thaistealaítear ann ar an traein, ba cheart do chuairteoirí na traenacha ó Thuaidh a úsáid ó Stáisiún Uí Chonghaile nó Shráid an Phiarsaigh agus an traein a fhágáil ag stáisiún traenach Dhomhnach Bat. Stopann seirbhís bhus 33 gar don teach, chomh maith.

Tá Teach agus Feirm an Droichid faoi bhainistíocht chuideachta dhíol spéise agus eispéireas turasóireachta Oidhreacht na Sionainne de chuid Ghrúpa na Sionainne, i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall.