Siúlóid An Chósta: Mullach Íde go Sord

Malahide boats

Ag tosú amach ag an Muiríne i Mullach Íde, déan do bhealach chuig an trá, ag dul thar Chlub Luamhaireachta Mhullach Íde ag an Móinéar Leathan ar do shlí.

Siúil ar imeall theas Inbhear an Mhóinéir Leathain, thar Seabury go dtí go dtiocfaidh tú chuig Droichead an Mhótarbhealaigh.

Is féidir siúl ar do chaoithiúlacht isteach go lár bhaile Shoird ón áit sin, nó lean ar aghaidh timpeall an inbhir agus taobh leis an gcladach thuaidh chomh fada le Domhnach Bat.