Siúlóid an Chósta: Binn Éadair trí Chill Fhiontain go Baile Dúill

Howth walk

Ón gcladach i mBinn Éadair, teigh ag fánaíocht ar do shuaimhneas feadh an chósta fíorálainn sin.

Siúl suas go Ceann Bhinn Éadair agus slog isteach an radharc iontach ón mbarr sin.

Tar anuas ansin go leibhéal na farraige agus lean ar do bhealach i dtreo Chill Fhiontain taobh leis na haillte fíor-iontacha, Teach Bhaile Scadán agus trá álainn Chuan Bhaile Scadáin.

Cad mar gheall ar thimpeall a ghabháil ar an gcé amach go Teach Solais Bhinn Éadair agus ar aghaidh go trá mhór leibhéalta an Choinicéir.

Lean an cosán ar imeall Ghalfchúrsa Chill Fhiontain atá lonnaithe in áit fíorshuntasach, agus cuir deireadh le do thuras ar stráice Bhaile Dúill de Bhóthar an Chósta.