Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir

Blanch Shopping

Cuireann Ionad Bhaile Bhlainséir eispéireas uathúil siopadóireachta agus fóillíochta ar fáil.  Tá níos mó ná 180 siopa ann, 3 Páirc Mhiondíola agus 25 Bialann, tá sé suite díreach lasmuigh de Chathair Bhaile Átha Cliath ar an N3 (bealach amach 6 ar an M50) atá nasctha leis na mótarbhealaí móra, rud a chiallaíonn gurb é an t-ionad siopadóireachta ceann scríbe is inrochtana agus is mó in Éirinn. Tá an pháirceáil saor in aisce.

Is mór an pléisiúr dul ag siopadóireacht in Ionad Bhaile Bhlainséir le níos mó ná 180 siopa, lena n-áirítear Debenhams, Marks & Spencer, BT2, Superdry, H&M, Topshop, River Island, Oasis, Warehouse, Zara, Dunnes Stores & Penneys. 

Tá 3 Pháirc Mhiondíola timpeall Ionad Bhaile Bhlainséir.  Anseo gheobhaidh tú gach rud atá uait le haghaidh do bhaile ó DFS, Harvey Norman, Currys/PC World, Woodies DIY, agus Home Store & More. Tá tuilleadh siopaí iontu freisin, lena n-áirítear Smyths Toystore, TKMaxx, Lifestyle Sports & 53 Degrees North.  Tá an Amharclann Ealaíon Draíocht, Ionad Siamsaíochta Plex, an leabharlann phoiblí shaintógtha is mó in Éirinn agus Óstán 4 Star Crowne Plaza suite inár bpáirceanna miondíola.

Tá os cionn 25 bialann agus siopa caife lena n-áirítear Nando's, Captain America's, Milano, Wagamama, Eddie Rockets, McDonald's, KFC, Burger King agus Odeon coimpléasc pictiúrlainne de 9 Scáileán lena pictiúrlann ISense féin.

Cuireann Ionad Bhaile Bhlainséir áiseanna den scoth agus seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil, lena n-áirítear spásanna páirceála ainmnithe, áiseanna leithris do dhaoine faoi mhíchumas, ardaitheoirí braille agus trealamh leictreonach ó Shop Mobility, atá suite ar an mbealach isteach Dearg ar leibhéal 1.  Do theaghlaigh, tá Seomra Máithreachais príobháideach, Seomra  Friothála ar Naíonáin, páirceáil thiomnaithe do Thuismitheoirí & Leanaí agus aonaid Naíchóiste Éasca le fáil ar cíos. Seiceáil ár gClub Leanaí freisin, tá sé saor in aisce.

Tá Ionad Bhaile Bhlainséir oscailte gach lá den tseachtain, tá an pháirceáil saor in aisce agus tá sé suite giota beag ón M50 (Bealach Amach 6)