Ionad Ealaíon Séamuis Ennis

Seamus-Ennis

Do chuimhne Séamus Ennis, ceoltóir Éireannach a bhí ina bhailitheoir béaloideas agus ceoil atá an tIonad Cultúrtha Séamuis Ennis tiomnaithe, agus tá sé mar bhaile do chuid de na ceoltóirí, de na scríbhneoirí amhrán agus de na healaíontóirí is fearr atá againn sa lá atá inniu ann. 

Reáchtáiltear ceol agus imeachtaí cultúrtha eile anseo gach deireadh seachtaine - tá treoir imeachtaí ar fáil ar líne ag www.seamusenniscentre.com Tá caifé álainn tuaithe ann san ionad agus is agastad foirfe é do shiúlóirí, rothaithe agus tiománaithe. Bíonn biachlár iomlán á chur ar fáil i rith an lae.

Tá sé ar oscailt ó 10rn go 5in ó Dé Domhnaigh go dtí Dé Céadaoin, agus ó 10rn go 10in ó Déardaoin go dtí Dé Sathairn.

Féadtar teacht ar an Ionad i gcarr nó i gcóiste fruilithe, leis an Mótarbhealach an M1 agus an Bealach Amach 6 a thógáil.

Tá áiseanna páirceála ar fáil.