Comhshaol

Údaraithe um Fheithicil a bhfuil a Ré Caite (FRC)

Bainistíocht Dramhaíola

Ceard é Feithicil a bhfuil a ré caite

Go hiondúil is feithicil a bhfuil a ré caite é carr do phaisinéirí nó veain éadrom tráchtála ar mhian leis an úinéir cláraithe a dhiúscairt mar dhramhaíl.  Is féidir carranna agus veaineanna a bhfuil a ré caite a chur de láimh saor in aisce ag saoráid chóireála údaraithe. Ní ghlacfar saor in aisce ach le feithiclí a cláraíodh in Éirinn don chéad uair ar 1ú Iúil 2002 nó ina dhiaidh sin.

Nuair a chuirtear feithicil a bhfuil a ré caite de láimh ag saoráid chóireála údaraithe nó ag ionad díchóimeála carranna, déantar an oiread agus is féidir ábhair a aisghabháil agus a athchúrsáil agus tarlaíonn aisghabháil ar bhealach nach bhfuil dochrach don chomhshaol.

Feithiclí a thabhairt ar shiúl

Tá trí shaoráid chóireála údaraithe i gceantar Fhine Gall ar féidir leat do sheancharr a thabhairt ann le hathchúrsáil saor in aisce.  

 

Gannons City Recovery & Recycling Services Ltd

Unit 7 Rosevill Industrial Park, Turvey Avenue, Donabate, Co. Dublin

Telephone: 01 890 7715 or 087 254 5005

 

Industrial, Agri & Engineering Salvage Ltd. (IAES)

Ballyboughal, Co. Dublin

Telephone: 01 843 3444 or 087 252 444

Website: www.scrapmycar.ie

Email:  [email protected] e

 

St. Margarets Recycling and Transfer Centre Ltd.

Sandyhill, St. Margarets, Co. Dublin

Telephone: 01  856 9434

Email:  [email protected]

 

Déan teagmháil linn

For information on the European Union (End of Life) Regulations 2014, or vehicle removal
Telephone:   01 890 6291

Email:  [email protected]