Oidhreacht agus Caomhnú

Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna

Oidhreacht agus Caomhnú

Is é atá i gceist le séadchomharthaí taifeadta ná láithreáin, na struchtúir agus na gnéithe lena mbaineann tábhacht seandálaíochta atá á gcosaint ag an reachtaíocht um Shéadchomharthaí Náisiúnta. Féadfaidh caisleáin agus séipéil mheánaoiseacha, liosanna, tuamaí pasáiste agus cairn agus neart eile a bheith i gceist leo. Féadfaidh láithreáin mhóra ar nós lár bailte stairiúla ar nós Shoird nó Lusca a bheith i gceist leo freisin. Is minic a bhíonn séadchomharthaí taifeadta ina láithreáin ina bhfuil gnéithe ailtireachta faoi thalamh a d’fhéadfadh a bheith as radharc. 

Mhapáil an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta láithreacha na séadchomharthaí taifeadta ar fud na tíre i dTaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna. Is é Taifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna ionstraim reachtúil Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004. Tá léarscáileanna Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna d’Fhine Gall ar fáil le breathnú orthu ag na cuntair phoiblí pleanála in oifigí Shoird agus Bhaile Bhlainséir araon. Taispeántar láithreáin Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna freisin ar léarscáileanna Phlean Forbartha Fhine Gall 2011-2017 (nasc chuig ID 2.4.1) mar chiorcal gorm dúbailte. Mhapáil an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta láithreacha na séadchomharthaí taifeadta níos mine i Suirbhé Seandálaíochta na hÉireann dá cuid. 

Bíonn comhthéacs láithreán seandálaíochta tábhachtach agus tá Crios Fógra (criosanna acmhainneacht seandálaíochta a thugtaí orthu) timpeall ar gach séadchomhartha seandálaíochta. Tá siad sin ar mhéideanna difriúla agus is féidir iad a sheiceáil ach leis an gcnaipe sraithe ar shuíomh gréasáin Shuirbhé Seandálaíochta na hÉireann www.webgis.archaeology.ie 

Tá siad marcáilte freisin ar léarscáileanna an phlean forbartha mar Chrios Acmhainneacht Seandálaíochta, a thaispeántar mar líne bhriste bhánghorm.

Oibreacha ag séadchomhartha taifeadta nó in aice leis

Má tá sé ar intinn agat tabhairt faoi oibreacha ar shéadchomhartha taifeadta nó in aice le séadchomhartha taifeadta, nó laistigh de Chrios Fógra, ní mór duit fógra dhá mhí i scríbhinn a thabhairt roimh ré don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, fiú mura bhfuil cead pleanála de dhíth le haghaidh na n-oibreacha.

Is féidir é sin a dhéanamh ach Foirm Fógra d’Aire , arna soláthar ag an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, a chomhlánú. 

Iarratais Phleanála

Tugtar aitheantas san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) do chosaint na hoidhreachta seandálaíochta. Féadfaidh coinníollacha i leith na seandálaíochta a bheith mar chuid de cheadanna pleanála aonair. Is féidir leat níos mó a léamh faoi sin inár  mbileog faoin tseandálaíocht sa phróiseas pleanála .

Má tá rún agat iarratas pleanála a dhéanamh le haghaidh oibreacha ar shéadchomhartha taifeadta nó in aice le séadchomhartha taifeadta, nó laistigh de Chrios Fógra (Acmhainneacht Seandálaíochta), ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Rannóg Pleanála i gcomhair Plé Réamhiarratais. Tá sin amhlaidh toisc go bhfuil roinnt nósanna imeachta breise i gceist leis na hiarratais sin:

  • Ní mór do Chomhairle Contae Fhine Gall iad a chur faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le tuairim a fháil.
  • Má bhronntar cead pleanála, d’fhéadfadh imscrúduithe nó tochailtí seandálaíochta a bheith ag teastáil. Más amhlaidh an scéal, beidh ort ceadúnas tochailte a fháil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. 
  • Má bhronntar cead pleanála, d’fhéadfadh coinníollacha breise eile a bheith i gceist, agus ní mór duitse íoc as costais na gcoinníollacha sin.

Is féidir leat a sheiceáil má rinneadh tochailt ar an láithreán nó in aice leis an láithreán cheana féin ar www.excavations.ie, áit a dtugtar achoimre ar thuarascálacha tochailte foilsithe don tír ar fad idir 1970 agus 2010. Coinnítear tuarascálacha tochailte ar an gcomhad pleanála ábhartha freisin; is féidir breathnú orthu ag na cuntair phoiblí pleanála i Sord agus i mBaile Bhlainséir.

Fríotha Seandálaíochta nach bhfuil Taifead orthu

Má thagann tú ar aon láithreán seandálaíochta nach bhfuil i dTaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna, ní mór duit stop a chur le hoibreacha ar bith láithreach agus dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta. Má aimsíonn tú fríth seandálaíochta, caithfidh tú é a thuairisciú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann laistigh de 96 uair an chloig. Tá na sonraí teagmhála le fáil ag bun an leathanaigh seo. 

Aimsigh Láithreáin Seandálaíochta in aice leat

Tá beagnach 900 séadchomhartha seandálaíochta i bhFine Gall a bhfuil eolas orthu. Ina measc tá séipéil, caisleáin, liosanna, muilte gaoithe, muilte uisce agus toibreacha beannaithe. Ach ní féidir breis agus an ceathrú cuid de shéadchomharthaí Fhine Gall a fheiceáil níos mó. Is gnéithe faoin dromchla iad na séadchomharthaí sin. Aithníodh iad trí ghrianghrafadóireacht ón aer, trí léarscáiliú stairiúil agus trí shuirbhé geoifisiceach. Mar sin, conas is féidir leat a fháil amach má tá aon séadchomharthaí seandálaíochta in aice leat?

  • Bunachar Sonraí Shuirbhé Seandálaíochta na hÉireann
    Tiomsaítear fardal i Suirbhé Seandálaíochta na hÉireann de na séadchomharthaí seandálaíochta a bhfuil eolas orthu ar a dtugtar Taifead na Suíomhanna agus na Séadchomharthaí. Is féidir teacht air go digiteach ar www.webgis.archaeology.ie . Is féidir leat zúmáil isteach ar do cheantar agus taispeánfar aon láithreán seandálaíochta a bhfuil eolas air mar aon le nóta faoina láthair bheacht, a rangú agus cur síos gairid; is féidir é sin uile a íoslódáil ar chomhad PDF. 
  • Rinneadh na céadta imscrúdú seandálaíochta i bhFine Gall le deich mbliana anuas, lena n-áirítear tochailtí tástála seandálaíochta, tochailtí agus monatóireacht na n-oibreacha laistigh de limistéir acmhainneacht seandálaíochta. Is féidir teacht ar achoimrí ar thorthaí na n-imscrúduithe sin idir 1970 agus 2010 ar www.excavations.ie

Déan Teagmháil Linn

Rannóg Pleanála Fhine Gall

Ríomhphost:  [email protected]  
Fón:  (01) 8905541 (Sord)
         (01) 8708431 (Baile Bhlainséir)

An tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta

Ríomhphost:  [email protected]  
Fón: (01) 8882000

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Fón: (01) 6777444
Ríomhphost:  [email protected]