Pobal agus Spóirt

Tacaíochtaí do Shaoránaigh nach as Éirinn iad

Is féidir leat a fháil amach cad iad na cúrsaí atá ar fáil thíos anseo.

Reáchtálaimid a lán cúrsaí do shaoránaigh nua i bhFine Gall.  

  • Béarla Comhrá
  • Ateangaireacht Phobail
  • Ranganna Béarla
  • Gníomhaíochtaí Cultúrtha agus Oideachais
  • Clár Teagmhála d’Oibrithe Deonacha Idirchultúrtha Fhine Gall
  • Rannpháirtíocht Chathartha Pobal Nua a Chur Chun Cinn
  • Maoiniú don chomhtháthú
  • Líonra Eitneach Fhine Gall

Cúrsaí ar na Bacáin

Oideachas Vótálaithe agus Cúrsa Saoránachta Gníomhaí

Sa chúrsa seo tá ocht gceardlann agus breathnófar ar na hábhair seo a leanas ann 

  • Ár nGlórtha – Ár Vóta – Breathnaítear ar an bhfáth a vótálann daoine agus conas clárú agus vótáil i dToghcháin.
  • Toghcháin Rialtais Áitiúil - Breathnaítear ar ról an rialtais áitiúil, an chúis atá leis, agus tugtar eolas ar phróiseas na dtoghchán áitiúil
  • Toghcháin an Aontais Eorpaigh – Tugtar eolas ar an Aontas Eorpach, a chonarthaí, agus an chaoi a rialaítear Éire mar bhallstát den Aontas Eorpach
  • Saoránacht Ghníomhach – Cad is ciall le Saoránacht Ghníomhach?  Breathnaítear ar shaincheisteanna Áitiúla, Náisiúnta agus Domhanda; agus pléitear bealaí le seasamh eolach a ghlacadh ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine agus ag pobail inniu
  • Iarrthóirí – Tugtar breac-chuntas ar phróiseas le forógraí a mheas i bhfianaise sochaí níos córa agus cuirtear i láthair cur chuige i leith iarrthóirí a roghnú ar bhonn eolach

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Forbartha Pobail.

 

Fón: 01 8905080  nó Ríomhphost:  [email protected]