Uisce agus Draenáil

Soláthar Uisce Príobháideach Rialaithe

Má thagann do sholáthar uisce ó fhoinse phríobháideach, i.e. tollpholl nó abhainn, agus má tá os cionn 50 duine ar an meán á soláthar, nó má tá leas poiblí nó tráchtála i gceist, meastar gur Soláthar Uisce Príobháideach Rialaithe é seo.

Tá sé de dhualgas ar Sholáthróirí Uisce Príobháideacha uisce a chur ar fáil atá folláin agus glan agus a chomhlíonann Rialacháin Uisce Óil 2014.

Is í Comhairle Contae Fhine Gall an t-údarás maoirseachta do Sholáthar Uisce Príobháideach Rialaithe i gceantar Chomhairle Contae Fhine Gall agus tá sí freagrach as cinnte a dhéanamh de go gcomhlíonann Soláthróirí Uisce Príobháideacha Rialaithe a ndualgaisí mar atá leagtha síos sna rialacháin.

Ní mór do gach Soláthróir Uisce Príobháideach Rialaithe a bheith cláraithe le Comhairle Contae Fhine Gall. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an fhoirm iniata a íoslódáil agus í a chur ar ais i ríomhphost chuig [email protected]  nó í a sheoladh chuig;

Innealtóir Cáilíochta Uisce, 
Rannóg na Seirbhísí Uisce Comhairle Contae Fhine Gall,
Ionad Cóireála Uisce Léim an Bhradáin,
Léim an Bhradáin, 
Co. Chill Dara

2014 EU Drinking Water Regulations
Regulated Private Water Supply Registration Form 2017 

Déan teagmháil linn

Ríomhphost :   [email protected]  

Post :   Rannóg na Seirbhísí Uisce, 
               Comhairle Contae Fhine Gall
               Bóthar Grove, 
               Baile an Bhlainséir, 
               Baile Átha Cliath 15
               K67 X8Y2

Guthán : (01) 8905000