Comhshaol

Soláthar d’Ionaid Fónta Pobail (Ionaid Athchúrsála)

Athchúrsáil

Féach thíos uaireanta oscailte na Nollag don dá Ionad Athchúrsála.

Ionad Athchúrsála an Inbhir

23 Nollaig: 8.00rn go 12.00in (Is é 11.30rn an iontráil deiridh feithicle)

24, 25,  26  Nollaig: Dúnta

27, 28, 29  Nollaig: Oscailte 8.00rn go 20.00in (Iontráil feithicle deiridh 7.30in)

30 Nollaig: Oscailte 8.00rn go 12.00in (Iontráil feithicle deiridh 11.30rn)

31 Nollaig 1, Eanáir: Dúnta

2 Eanáir: Atosú ar ghnáthuaireanta Luan – Aoine 8.00r.n.-20.00in (Is é 19.30pm an t-iontráil dheireanach don fheithicil) Dé Sathairn 8.00rn – 18.00in (Iontráil feithicle deiridh ag 17.30pm)

Ionad Athchúrsála Chúil Mhín

23 Nollaig: 8.00rn go 1.00in (Iontráil feithicle deiridh 12.30rn)

24, 25, 26,  Nollaig: Dúnta

27, 28, 29  Nollaig: Oscailte 9.00rn go 16.00in (Iontráil feithicle deiridh 3.30in)

30 Nollaig  Oscailte 9.00rn go 1.00in (Iontráil feithicle deiridh 12.30in)

31 Nollaig & 1 Eanáir: Dúnta 

2 Eanáir: Atosú ar ghnáthuaireanta Luan - Satharn 9.00rn - 4.00in (Iontráil feithicle deiridh 3.30in

 

 

Ba mhaith linn a chur in iúl go bhfuil Ionad Athchúrsála Chúl Mhín thar a bheith gnóthach ó shrianta Covid-19. Is iad na hamanna oscailte ná 9am go 4pm ach tabhair faoi deara gurb é an t-am iontrála deireanach le haghaidh feithiclí ná 3.45 in agus tá comharthaí curtha suas againn ag tabhairt comhairle faoi seo.

Bí foighneach le do thoil agus muid ag déileáil le gnó atá méadaithe go mór.

Ionad Athchúrsála Chúil Mhín ar Eastát Tionsclaíochta Chúil Mhín, Baile Átha Cliath 15,  le taobh Stáisiún Dóiteáin Chúil Mhín.

Teileafón: (01) 890 5986

Ionad Athchúrsála an Inbhir i Sórd, le taobh Pháirc Gnó Shóird, ar mhótarbhealach an M1.

Teileafón: (01) 890 5985

Athchúrsála Chúil Mhín, Chúil Mhín ar Eastát Tionsclaíochta Chúil Mhín, Baile Átha Cliath 15. Táimid le taobh Stáisiún Dóiteáin Chúil Mhín.

Teileafón: (01) 890 5986

Ionad Athchúrsála an Inbhir i Sórd, le taobh Pháirc Gnó Shóird, ar mhótarbhealach an M1.

Teileafón: (01) 890 5985

Tá Ionad Athchúrsála Chúil Mhín ar oscailt ó 9am go 4pm ó Luan go Satharn (feithicil dheireanach 3.45pm). Bíonn sé dúnta ar an Domhnach agus ar Saoirí Bainc.

Bíonn Ionad Athchúrsála Estuary ar oscailt ó 8am go 8pm ó Luan go Aoine (feithicil dheireanach 7.30pm), agus 8am go 6pm Dé Sathairn (feithicil dheireanach 5.30pm Dé Sathairn). Bíonn sé dúnta ar an Domhnach agus ar Saoirí Bainc.

Tabhair ar d’aire, le do thoil: Le linn drochaimsire tharlódh sé go mbeadh ar na hionaid athchúrsála dúnadh ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta.

Ní thógann na hionaid athchúrsála ach dramhaíl tí. Ní ghlactar le dramhaíl tráchtála.

An bhfuil dea-riocht ar na hearraí ar mhian leat a bheith réidh leo? Má tá cén fáth nach gcuirfeá fógra ar www.freetradeireland.ie?  Ar an mbealach sin beidh tú ag coigilt airgid agus beidh saol eile ag do chuid earraí agus is mó an tairbhe a bheadh ann don chomhshaol seachas iad a athchúrsáil.

  • páipéar
  • cairtchlár
  • cartáin
  • cannaí agus stáin
  • buidéil agus crúscaí gloine
  • buidéil phlaisteacha – ba chóir iad a bheith nite agus brúite ar a chéile agus na caipíní bainte díobh.
  • pacáistíocht ghlan phlaisteach
  • éadaí
  • Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach(WEEE)
  • feadáin fhluaraiseacha agus bolgáin a bhí tíosach ar fhuinneamh 
  • batairí carranna agus tí
  • ola cócaireachta agus ola innill
  • dramhaíl théagartha (m.sh. troscán, cairpéid, tochtanna)
  • adhmad
  • miotal
  • dramhaíl ghlas (teoranta do charranna agus do leantóirí beaga)
  • ithir agus clocha
  • duivéanna agus piliúir
  • dramhaíl ghuaiseach tí (péint, lotnaidicídí, glantóirí tí, &rl.)

Búit chairr: €8 (€4 ar dhramhaíl ghlas amháin)
Carr Lán: €16 (€8 ar dhramhaíl ghlas amháin)
Carr-Veain / carr agus leantóir beag (uasmhéid 6tr. x 2tr.): €40 (€24 ar dhramhaíl ghlas amháin)
Veain Beag (uasmhéid 212 tr.chiúb.): €128 (níl dramhaíl ghlas ceadaithe)

Mura bhfuil agat ach Dramhaíl Ghuaiseach Tí an táille ná €4

Is féidir íocaíocht a dhéanamh ag an ionad athchúrsála le cárta dochair/cárta creidmheasa. Mura bhfuil cárta dá leithéid agat b’fhiú smaoineamh ar chárta réamhíocaíochta mar Chárta Airgid O2 nó Cárta Payzone a úsáid.