Leabharlanna

Scéim Léitheoireachta Folláine Fhine Gall

Folláine Fhine Gall Cuidigh le himní a bhaint díot. Má tá fadhbanna mothúchán nó teaghlaigh ag dul sa mhuileann ort... tá ábhair féinchabhrach ag do leabharlann áitiúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh.

Scéimeanna Leabharlainne

Scéim Léitheoireachta Folláine Fhine Gall - Cuidigh le himní a bhaint díot

Bíonn fadhbanna mothúchán nó síceolaíocha ag a lán daoine – ag an gcuid is mó b’fhéidir – ag am éigin le linn a saoil.  Tá a lán fianaise ann gur féidir leis a bheith an-úsáideach ábhair féinchabhrach a úsáid ag na hamanna sin.  
Cuireadh Scéim Léitheoireachta Folláine Fhine Gall ar bun le cuidiú leat teacht ar leabhair a thugann eolas agus tacaíocht dá leithéid.  
Tá níos mó eolais faoin tseirbhís seo thíos anseo:

Read more on this service below:

Healthy reading 1

Bíonn dúshláin agus deacrachtaí dá gcuid féin ag gach teaghlach ó am go chéile.  Tá a lán fianaise ann gur féidir leis a bheith an-úsáideach ábhair féinchabhrach ar ardchaighdeán a úsáid ag na hamanna seo.
Tá níos mó eolais faoin tseirbhís seo thíos anseo:

Healthy reading 2 

 

Léitheoireacht Fholláin

"Is é atá i gceist le léitheoireacht ná éisteacht, labhairt, léamh, scríobh, uimhearthacht agus úsáid a bhaint as teicneolaíocht chun faisnéis a láimhseáil agus a chur in iúl. Bíonn níos mó ná scileanna teicniúla na cumarsáide i gceist: tá gnéithe pearsanta, sóisialta agus eacnamaíocha i gceist freisin. Méadaíonn an litearthacht an deis a bhíonn ag daoine aonair chun machnamh a dhéanamh ar a gcás féin agus athrú a thionscnamh. Sainmhínítear léitheoireacht fholláin mar seo:

‘bheith ar do chumas cinntí maithe sláinte a dhéanamh i gcomhthéacs an ghnáthshaoil – sa bhaile, sa phobal, san ionad oibre, sa chóras sláinte, in áit an mhargaidh agus sa saol polaitiúil’ (Kickbusch et al 2005).

https://www.healthpromotion.ie/health/health_literacy