Titiocht

Scéim Iasachta um Cheannach Tí

Scéimeanna Tithíochta

Is féidir le Ceannaitheoirí Céad Uaire tithe nua agus dara láimhe (agus féin-thógáil) iarratas a dhéanamh ar Theach Údarás Áitiúil

Iasacht Ceannaigh, suas go dtí €220,000 ar a mhéid thar téarma nach mbeidh níos mó ná 30 bliain, faoi réir téarmaí iasachta agus coinníollacha, agus a shásaíonn na critéir incháilitheachta seo a leanas:

couple with home loan sign outside house

1. Ceannaitheoirí Céad Uaire (is féidir eisceachtaí a dhéanamh e.g. d’iarratasóirí atá scartha go dlíthiúil nó a bhfuil colscaradh faighte acu)

2. Caithfidh ioncam iarratasóra aonair a bheith níos lú ná €50,000

3. Caithfidh ioncam comh-iarratasóirí comhcheangailte a bheith níos lú ná €75,000

4. Caithfidh an príomhshaothraí ar an bhfoirm iarratais a bheith i bhfostaíocht leanúnach ar feadh dhá bhliain ar a laghad (is féidir le féinfhostaíocht a bheith i gceist) agus caithfidh an dara iarratasóir a bheith i bhfostaíocht leanúnach ar feadh bliana ar a laghad. Is féidir eisceachtaí áirithe a chur san áireamh.

5. Idir 18 agus 70 bliain d’aois (i.e. caithfidh téarma na hiasachta a theacht chun críche faoin am a mbainfidh an t-iasachtaí 70 bliain d’aois amach).

6. Caithfidh iarratasóirí a chruthú gur lorg siad morgáiste ó dhá iasachtóir (bainc nó cumainn fhoirgníochta) agus go bhfuair siad diúltuithe nó tairiscintí maoine neamhleora ó gach ceann sula ndéanfaidh siad iarratas ar Iasacht um Cheannach Tí chuig Comhairle Contae Fhine Gall.

7. Cuirfidh Comhairle Contae Fhine Gall gach iarratasóir faoi agallamh sula gcuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht Tithíochta lena bhreithniú.

Is é €220,000 an t-iasacht is mó is féidir a íoc (faoi réir coinníollacha agus téarmaí iasachta) thar téarma nach mbeidh níos mó ná 30 bliain. Is é 92% an cóimheas iasachta-chuig-luach (LVT) is mó.

Cinnfidh an t-údarás áitiúil an t-iasacht morgáiste is mó i ngach cás de réir coinníollacha agus téarmaí iasachta, an teorainn de €220,000, an teorainn LTV agus faoi réir chumas an cheannaitheora é a aisíoc.

Déanfar gach iarratas a mheas bunaithe ar ioncam reatha, a n-iasachtaí cheana féin agus tiomantais airgeadais an iarratasóra (na n-iarratasóirí).

Caithfidh iarratasóirí an fhoirm iarratais don Iasacht um Cheannach Tí a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig:

Rannóg na gCuntas Iasachtaí

An Rannóg Tithíochta

Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin,

Baile Bhlainséir,

Baile Átha Cliath 15

01 890 5590

 

Cuimhnigh:

Caithfidh iarratasóirí a chruthú gur lorg siad morgáiste ó dhá iasachtóir (bainc nó cumainn fhoirgníochta) agus go bhfuair siad diúltuithe nó tairiscintí maoine neamhleora ó gach ceann sula ndéanfaidh siad iarratas ar Iasacht um Cheannach Tí chuig Comhairle Contae Fhine Gall.

Fón 051 349720 

Déan Teagmháil Linn

Tríd an bPost:  Comhairle Contae Fhine Gall 
                        Rannóg na gCuntas Iasachtaí
                        Bóthar an Gharráin
                        Baile Bhlainséir 
                        Baile Átha Cliath 15
Teileafón: (01) 8905590
Ríomhphost:  [email protected]