Comhshaol

Rialú Madraí atá ar Strae

Rialú Ainmhithe

Cuireann Póna Madraí Ashton seirbhís mhaor madraí Fhine Gall agus seirbhís póna ar fáil dúinn. Tugann an maor madraí madraí a bhíonn ar strae chuig póna na madraí agus coinneofar ansin iad ar feadh 5 lá. Más mian leat do mhadra a fháil ar ais beidh ort táille fillte €20 a íoc chomh maith le táille lóistín €8 in aghaidh gach oíche a bhíonn an madra sa phóna. 

Mura bhfuil ceadúnas reatha madra agat beidh ort ceann a cheannach ar chostas €20. Mura gcoinníonn tú do mhadra faoi smacht éifeachtúil is féidir fíneáil €100 ar an toirt a ghearradh ort agus mura n-íocann tú an fhíneáil d’fhéadfaí tú a ionchúiseamh agus fíneáil suas le €1,270 agus/nó trí mhí sa phríosún a ghearradh ort.