Comhshaol

Rialacháin Bhruscair a Fhorfheidhmiú

Bainistíocht Bruscair

Is féidir aon chion maidir le bruscar a thuairisciú chuig an Aonad Bainistithe Bruscair dár gcuid ar an uimhir saorghlao 1800 201093 nó is féidir teagmháil a dhéanamh linn idir 9:00am agus 5:00pm Luan go Déardaoin agus idir 9:00am agus 4:30pm ar an Aoine nó ar ríomhphost:  [email protected]

Má fheiceann tú duine ag caitheamh bruscair nó ag dumpáil bruscair is féidir fíneáil a eisiúint ar bhonn do thuairisce. Mura n-íoctar an fhíneáil leanfaimid leis an gcás sa Chúirt Dúiche agus tabharfaidh Breitheamh cinneadh neamhspleách. Chun ionchúiseamh a dhéanamh sa chúirt iarrfar ort a bheidh i láthair mar fhinné.

Comhlánaigh, le do thoil, Foirm Ráiteas Finné 2016  fad is atá an eachtra úr i d’intinn agus seol isteach é ag an Aonad Bainistithe Bruscair chomh luath agus is féidir.  Foirm Maidir le Ráiteas ó Fhinné

Má tá tú in amhras go bhfuil gníomhaíocht neamhdhleathach dramhaíola ar siúl ar láthair nó ag suíomh in Fhine Gall ba chóir duit teagmháil a dhéanamh linn ar shaorghlao 1800 2010 93 nó ar ríomhphost  [email protected] .  Más mian leat gearán a dhéanamh faoi Chosaint Comhshaoil ba chóir an fhoirm seo thíos a úsáid.

Foirm Ghearáin Dumpáil Mhídhleathach

Is féidir le duine den phobal dumpáil neamhdhleathach a thuairisciú chuig an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) via uimhir teileafóin íosghlao 24-uair 1850 365 121.

 

Beartas um Fhorfheidhmiúcháin Dramhaíola ar Ghníomhaíocht Dramhaíola Neamdhleathach 2017

Waste Enforcement Policy on Illegal Waste Activity 2017