Comhshaol

Reiligí a Sholáthar agus a Chothabháil

Reiligí agus Créamatóiriamaí

Déanaimid bainistiú agus cothabháil ar 36 reilig i bhFine Gall. Féach léarscáil idirghníomhach na reiligí. 

Tá rochtain 24 uair an chloig do choisithe ag ár reiligí go léir ionas gur féidir leat cuairt a thabhairt ag aon am.

Má tá feithicil agat le Suaitheantas Páirceála AE do Dhaoine faoi Mhíchumas, is féidir leat rochtain a fháil ar reiligí le linn uaireanta oscailte (8:30am – 12.30pm, Luan go hAoine). Más tiománaí nó paisinéir tú atá faoi mhíchumas luaineachta ach nach bhfuil Suaitheantas Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas agat, is féidir linn rochtain a thabhairt duit ach sin a iarraidh. D'fhéadfadh rochtain do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta a bheith srianta in imthosca eisceachtúla.

Is féidir leat úinéireacht láithreach a aistriú chuig garghaol, le toiliú. Nó is féidir leat an láthair a dhíol linne, Comhairle Contae Fhine Gall. Ní féidir leat an láthair a dhíol le haon duine eile. €307.50 an costas a bhaineann le húinéireacht a aistriú.

Application Guidelines for Transfer of Ownership Grave Space (27582 H)

For information on Gravespace Purchase and burial of ashes, go here

Sonraí Teagmhála

St. Fintan’s Cemetery: (01) 839 3877
Fingal and Balgriffin Cemetery: 086 4183787
All other cemeteries: (01) 870 4449
Email:  [email protected]