Oidhreacht agus Caomhnú

Orduithe Caomhnaithe Crann

Caomhnú Comhshaoil agus Oiriúnacht

Is féidir linn ordú caomhnaithe crann a dhéanamh chun crann, scata crann nó coillearnach atá faoi bhagairt a chosaint. Tá orduithe caomhnaithe crann déanta le haghaidh trí áit in Fhine Gall, An Teach Biocáire, Bóthar na hEaglaise, Sórd; Diméin Sheantraibh agus Baile Breacáin/Uí Bhreasail, Sórd.

Déantar foráil in Alt 205 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go ndéanann an tÚdarás Pleanála orduithe caomhnaithe crann (OCCanna) nuair a mheastar gurb inmhianaithe crainn a chaomhnú ar fhorais taitneamhachta. 

Déileálann an Roinn Talmhaíochta le Ceadúnais Leagain Crann. Is féidir foirmeacha iarratais a fháil ó Stáisiúin Ghardaí áitiúla:

Le teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Talmhaíochta: 
Tríd an bPost:  Rannóg Leagan na Seirbhíse Foraoiseachta, 
                An Roinn Talmhaíochta agus Bia

                Eastát Chaisleán Bhaile Sheonach, 
                Contae Loch Garman
Teileafón:  (053) 60174 nó  (053) 60170