Pobal agus Spóirt

Oifigigh Spóirt

Sports Programmes

Sport Ireland participation logo  1

Is comhalta é Oifig Spóirt Fhine Gall de chuid Líonra na gComhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt Spórt Éireann

Tacaímid le cúrsaí spóirt trí chláir nuálacha a sheachadadh, trí oiliúint a chur ar fáil, agus trí phróifíl an spóirt sa chontae a ardú agus a threorú.

Tá foireann oifigigh spóirt againn a thugann tacaíocht sa phobal do ghrúpaí pobail, do chlubanna, do scoileanna, agus do ghrúpaí gnó. Tá sé mar aidhm againn patrúin a chruthú a mhairfidh ar feadh an tsaoil maidir le rannpháirtíocht sa spórt agus i ngníomhaíocht choirp. Déanaimid é sin trí thús áite a thabhairt don oiliúint agus don fhorbairt d’oibrithe deonacha agus do chomhaltaí foirne sa rannóg spóirt, agus trí thacú le gréasán de shaoráidí inrochtana ar ardchaighdeán a fhorbairt chun freastal ar riachtanas na bpobal éagsúil i bhFine Gall atá ag dul i méid.

Má bhíonn ceist ar bith agat faoin spórt i bhFine Gall, is féidir leat dul i dteagmháil le duine ar bith dár n-oifigigh spóirt a bheidh an-sásta cabhrú leat.

Físráiteas Oifig Spóirt Fhine Gall 2019-2021

Cas leis an bhfoireann anseo

Má bhíonn ceist ar bith agat faoin spórt i bhFine Gall, anseo.