Titiocht

Morgáiste go Cíos

Scéimeanna Tithíochta

Cibé an bhfuil iasacht agat ón Údarás Áitiúil nó ó iasachtóir tráchtála eile, má tá deacracht leanúnach agat le d’aisíocaíochtaí morgáiste, féadfaidh go mbeidh tú incháilithe chun leas a bhaint as an scéim Morgáiste go Cíos. Baineann critéir cháilitheacha dochta leis an scéim maidir le hioncam, maidir le luach do réadmhaoine agus maidir leis na cúinsí sonracha a bhaineann leis na socruithe atá i bhfeidhm idir tú féin agus d’iasachtóir.

Rachaidh sé chun tairbhe duit nach n-athshealbhófar do theach, ach in áit a bheith i d’úinéir ar an teach ansin, beidh tú i do thionónta de chuid comhlachta thithíochta ceadaithe. Ní mór do d’údarás áitiúil a rá ar dtús go bhfuil tacaíocht tithíochta sóisialta de dhíth ort.  Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an suíomh gréasáin thíos:

www.mortgagetorent.ie

Is féidir teacht ar threoirleabhar maidir leis an Scéim Morgáiste go Cíos anseo

I ngach cás, is gá dul i gcomhairle le d’iasachtóir chun an rogha seo a phlé. Tá forléargas, lena n-áirítear critéir cháilitheacha na scéime seo, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Tithíochta: -

https://www.housingagency.ie/Housing-Information/Mortgage-to-Rent-Scheme