Titiocht

Measúnú Cíosa

Bainistíocht Cíosa

Faoin Scéim Cíosanna Difreálacha bíonn do mhuirear seachtainiúil (cíos) bunaithe ar ioncam inmheasta gach ball den teaghlach. Is é do fhreagracht mar thionónta muid a chur ar an eolas faoi aon athrú ar do chúinsí; msh: athruithe ar ioncam, nó daoine ag bogadh isteach nó amach as an teaghlach.

Tá sonraí teagmhála liostaithe ag bun an leathanaigh seo.

Ríomhtar an Muirear Seachtainiúil bunaithe ar ioncam inmheasta gach ball den teaghlach.

Míníonn ár ndoiciméad faoin Scéim Cíosa Difreálach agus an Treoir Maidir leis an Scéim Cíosanna Difreálacha conas a ríomhaimid an Muirear Seachtainiúil.

Má tá athrú tagtha ar ioncam an teaghlaigh, priontáil agus líon an Fhoirm Mheasúnaithe Cíosa 2019 Má tá tú fostaithe anois priontáil agus comhlánaigh an Fhoirm Ioncaim nó Income Received from Employment to be supplied if you cannot get your P60.

 Is féidir leat na foirmeacha a sheoladh ansin chuig an seoladh atá liostaithe ag bun an leathanaigh seo.

Má tá rochtain ar an idirlíon agat is féidir leat féachaint ar do Ráiteas Cuntais Cíosa ag an nasc thíos, eisítear d’ainm úsáideora agus do phasfhocal ar iarratas ó Rannóg Bainistíochta na gCuntas Cíosa, caithfidh ainm úsáideora agus pasfhocal a bheith agat sular féidir leat an ráiteas ar líne seo a rochtain.

Ráiteas Cuntais Cíosa

Más rud é nach bhfuil rochtain ar an idirlíon agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar an teileafón nó ar an ríomhphost ag na sonraí teagmhála thíos.

Sa chás go ndéantar creidmheas a charnadh ar an gcuntas, comhlánaigh an fhoirm aisíocaíochta Iarratas ar Aisíocaíocht Cíosa EFT agus cuir ar ais chuig Comhairle Contae Fhine Gall í lena próiseáil. Tabhair le fios le do thoil gurb é beartas Chomhairle Contae Fhine Gall gan méideanna níos lú ná nó cothrom le €200 a aisíoc agus go gcoinnítear cíos coicíse siar freisin chun a chinntiú go bhfuil an cuntas i gcreidmheas i gcónaí.

Contact Us

Déan Teagmháil Linn

Tríd an bPost

Comhairle Contae Fhine Gall
Rannóg Bainistíochta na gCuntas Cíosa
Bloc 1 Urlár 1 
Bóthar an Gharráin 
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15 

Ceantar Thuaisceart an Chontae

Teileafón: (01) 8905132 nó
Ríomhphost:  [email protected]

I measc na gceantar i dTuaisceart an Chontae atá áirithe tá Baile Brigín, Domhnach Bat, Binn Éadair, Lusca, Mullach Íde, Port Mearnóg, Port Reachrann, An Ros, na Sceirí agus Sord

Ceantar Bhaile Átha Cliath 15  

Teileafón: (01) 8905593 nó
Ríomhphost:  [email protected]

I measc na gceantar i mBaile Átha Cliath 15 atá áirithe tá Baile an Bhlácaigh, Baile an Chairpintéaraigh, Teach Chainnigh, Caisleán Cnucha, Cluain Aodha, Cluain Saileach, Cúil Mhín, Baile an Hartaigh, Mullach Eadrad, Ongar, Baile an Tirialaigh, Verdemont agus An Coireán