Comhshaol

Íocaíocht Fíneálacha Bruscai

Bainistíocht Bruscair

Tá seisear Maor Bruscair fostaithe againn agus cuimsíonn a gcuid dualgas:

  • Dumpáil neamhdhleathach a fhiosrú agus a ionchúiseamh
  • Fíneálacha ar an láthair i leith cionta bruscair a eisiúint
  • Cionta tromchúiseacha a ionchúiseamh trí na cúirteanna

An fhíneáil ar an láthair reatha i leith bruscair faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 - 2003, ná €150.00. Nuair a théann an cás chuig an gCúirt Dúiche agus má fhaightear an cúisí ciontach is féidir leis an bhfíneáil a bheith chomh hard le €3,000.00.

Is féidir fíneáil a eisiúint ar roinnt cúiseanna, lena n-áirítear

  • má chaitheann tú bruscar uait in áit phoiblí
  • mura gcoinníonn tú an gairdín ar aghaidh an tí nó aon chosán atá tadhlach leis an teach saor ó bhruscar
  • má chuireann tú amach málaí nó do bhosca bruscair ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith ina údar bruscair – mar sin bí cúramach faoin mbealach a chuireann tú amach do chuid bruscair le haghaidh bailiúcháin
  • cead a thabhairt do do mhadra áit phoiblí a shalú agus gan glanadh a dhéanamh ina dhiaidh (féach an leathanach ar Rialú Madraí)