Titiocht

Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT)

Scéimeanna Tithíochta

Is ionann Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP) agus tacaíocht airgeadais chun cúnamh a thabhairt dóibhsean a bhfuil maoin ar cíos go príobháideach acu agus atá i dteideal tacaíocht tithíochta sóisialta a fháil.

Ní mór d'iarratasóirí ar HAP a bheith ar liosta feithimh a nÚdaráis Áitiúil sula mbeidh siad ábalta iarratas a dhéanamh ar HAP.

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar HAP agus nach bhfuil tú ar liosta feithimh d'údaráis áitiúil ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Thacaíocht Tithíochta Sóisialta sula mbeidh tú ábalta d'iarratas ar HAP a chur ar aghaidh.

Chun iarratas a dhéanamh ar Thacaíocht Tithíochta Sóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall cliceáil anseo An gCáilím le haghaidh Tithíocht Shóisialta?

Nuair a bheidh d'uimhir Thagartha Tithíochta faighte agat beidh tú ábalta iarratas a dhéanamh ar HAP.  

Pointí nár mhór a thabhairt ar aird sula ndéanfaidh tú iarratas:

  • Déan cinnte go bhfuil tú ar liosta tithíochta na Comhairle
  • Déan cinnte go bhfuil do chuid sonraí cothrom le dáta
  • Déan cinnte go bhfuil an cháipéisíocht ar fad atá de dhíth sábháilte agat ar do ghaireas sula gcuirfidh tú tús leis an bpróiseas iarratais.  Féach na cáipéisí riachtanacha anseo.  (Nasc anseo)
  • Ní mór duit do chóiríocht féin a fháil
  • Ní íocann HAP éarlaisí ná cíos roimh ré
  • Íoctar tiarnaí talún gach uile mhí mí i riaráiste ag deireadh na míosa
  • Ní mór duit ranníocaíocht cíosa dhifreálaigh a íoc leis an gComhairle arb ionann sin agus 12% de d'ioncam glan
  • Is féidir leat a bheith ag obair fad a bhíonn HAP á fháil agat
  • Ní mheastar d'iarratas a bheith bailí go mbeidh na codanna go léir faighte lena n-áirítear an cháipéisíocht ar fad atá de dhíth

 

Conas iarratas a dhéanamh ar HAP ar líne - Féach ar an Rang Teagaisc Cliceáil Anseo  

Cé na cáipéisí a mbeidh ar an tiarna talún a bheith réitithe aige sula gcuirfear tús leis an bpróiseas ar líne - Cliceáil Anseo 

Cé na cáipéisí a mbeidh ar an tiarna talún a bheith réitithe aige sula gcuirfear tús leis an bpróiseas ar líne - Cliceáil Anseo 

Ceisteanna a Chuirtear go Minic do Thionóntaí maidir le Cúrsaí Teicniúla HAP Ar Líne - (Nasc anseo)
Ceisteanna a Chuirtear go Minic do Thiarnaí Talún maidir le Cúrsaí Teicniúla HAP Ar Líne (Nasc anseo)

DÉAN IARRATAS AR HAP ANSEO

Rátaí HAP

Leabhrán Eolais maidir leis an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta

Leabhrán Eolais maidir leis an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (do Thiarnaí Talún)

Leabhrán Eolais maidir leis an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (do Thionóntaí)

Tá breis eolais ar Scéim HAP le fáil ag www.hap.ie

Nó ó Chomhairle Contae Fhine Gall

Ríomhphost:  [email protected]  
Teileafón: 01-8905000