Titiocht

Íocaíocht Cíosa

Bainistíocht Cíosa

Ní mór do thionóntaí na Comhairle cíos a íoc as a gcuid maoine. Íoctar íocaíochtaí cíosa uair sa tseachtain.

Is féidir leat do Mhuirear Seachtainiúil a íoc ag úsáid ‘Cárta Cíosa’ (ar fáil ar iarratas ó Rannóg Bainistíochta na gCuntas Cíosa) ag na háiteanna seo a leanas:

  • Aon Oifig Poist
  • Ionaid Mhiondíola a oibríonn an tsaoráid Billpay
  • Is féidir Íocaíochtaí-Oifige in Airgead Tirim a dhéanamh le hairgead tirim, dréacht bainc, seic, cárta creidmheasa agus léasair. Is féidir leat do sheiceanna a phostáil nó teacht isteach chuig oifig Íocaíochta na Comhairle i Halla an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath nó ar Bhóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.
  • Glacaimid freisin le híocaíochtaí teileafóin. Más mian leat íoc le cárta creidmheasa nó cárta léasair, cuir glaoch ar ár n-oifig airgid ag;
    Teileafón (01)8905309 nó (01) 8905154. 
    Bíonn an oifig Airgid ar oscailt ó 9.30rn go 3.30in Luan go hAoine.

Is féidir leat íoc freisin trí:

  • Cárta Léasair
  • Visa
  • Chun do chíos a íoc trí bhuanordú trí do bhanc, seol ríomphost chuig [email protected]   nó cuir glaoch ar (01) 890 5000 chun an fhoirm a fháil. 
  • An Scéim um Bhuiséad Teaghlaigh. 
    Is scéim í seo a chuidíonn leo siúd atá ag fáil íocaíochtaí um chosaint shóisialta ar leith chun costas roinnt billí teaghlaigh a roinnt i rith na bliana. Faoin scéim baintear méid socruithe as d’íocaíocht um chosaint shóisialta gach seachtain. Is é 25% den íocaíocht iomlán um chosaint shóisialta seachtainiúil an t-uasmhéid is féidir a bhaint amach. Tá an scéim seo á feidhmiú ag An Post agus caithfear d’íocaíocht a íoc trí d’oifig poist áitiúil. Tá an Scéim um Bhuiséad Teaghlaigh saor in aisce. 
    Féach www.anpost.ie nó Teileafón Saorghlao 1800 707 172. 
    Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Rannóg Bainistíochta na gCuntas Cíosa. Is polasaí é i gcás gach ligean nua go bhfuil ar an tionónta, nuair is iomchuí Foirm Asbhaint um Bhuiséad Teaghlaigh a shíniú.