Comhshaol

Glanadh Ábhar Tinte Chnámh

Bainistíocht Bruscair

Is cion é diúscairt a dhéanamh ar dhramhaíl trí dhó neamhrialaithe faoin Acht um Thruailliú Aeir 1987 agus faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1966, mar a leasaíodh.

Má thagann tú ar dhramhaíl á dó go neamhdhleathach cuir glaoch, le do thoil, ar Bheolíne Bruscair 1800 20 10 93, nó cuir ríomhphost ag  [email protected]  . An Rannóg Forfheidhmithe

Notice on Prohibition of Burning Waste

 

Tá sé in aghaidh an dlí tinte chnámh a lasadh agus dramhaíl a dhó agus ba chóir a leithéid a thuairisciú chuig Comhairle Contae Fhine Gall ar 8905000

Tá sé coiscthe tinte chnámh a lasadh.  Cuimhnigh, le do thoil: tá tinte chnámh contúirteach, is iad is cúis le gortuithe do pháistí gach bliain agus déanann siad dochar don chomhshaoil.

Nuair a chuirimid baill foirne ar fáil chun glanadh a dhéanamh i ndiaidh tinte chnámh agus chun spáis oscailte a chur ina gceart arís ní féidir leo a gcuid gnáthdhualgas cothabhála a dhéanamh.

Ná fág ábhair lasmuigh le húsáid ar thinte chnámh. Ná tabhair cead tine chnámh a lasadh sa spás oscailte áitiúil.

Cuimhnigh, do chomhshaol áitiúil atá ann – déan é a chosaint.