Oidhreacht agus Caomhnú

Forfheidhmiú Struchtúr Cosanta

Oidhreacht agus Caomhnú

Tá sé de dhualgas ar gach úinéir/áitritheoir a chinntiú go dtugtar cosaint do thaobh istigh agus do thaobh amuigh déanmhas cosanta ar chur i mbaol. Ciallaíonn déanmhas cosanta ceann a ndéanann an tÚdarás Pleanála fógra a eisiúint don úinéir/áitritheoir ina leith á rá gur cuireadh an déanmhas ar a thaifead ar dhéanmhais chosanta. 

Is cion é damáiste a dhéanamh do dhéanmhas cosanta. 

Má tá tú ag iarraidh gearán a dhéanamh faoi dhéanmhas cosanta ní mór an gearán a dhéanamh i scríbhinn, agus a sheoladh chugainn ag an seoladh thíos.

Sa phost: An Rannán Cigireachta
         An Rannóg Comhshaoil, Gnó & Fiontar
         Comhairle  Contae Fhine Gall
         Halla an Chontae
         An Phríomhshráid
         Sord
         Co. Bhaile Átha Cliath

Ríomhphost:  [email protected]