Comhshaol

Forfheidhmiú Rialacháin um Dhabhaigh Shéaracha

Bainistíocht ar Cháilíocht Uisce

Tá úineir an áitribh freagrach as cothabháil agus seirbhís a dhéanamh ar an gCóras Cóireála Fuíolluisce atá ag an áitreabh. Ó 2013, déanann Comhairle Contae Fhine Gall cigireacht uair sa bhliain bunaithe ar Phlean Cigireachta Náisiúnta de chuid na GCC.

Nuair a thagann an cigire, taispeánfaidh siad a gcárta aitheantais agus an t-údarú atá acu, agus cuirfidh siad ceisteanna bunúsacha ort maidir le do chóras. Seans go bhféachfaidh an cigire ar do theastas clárúcháin agus ar pháipéarachas eile. Scrúdóidh siad dúnphoill agus píbobair le haghaidh sceite agus chun a bheith cinnte nach bhfuil iomarca sloda sa chóras. Déanfar seiceáil ar na draenacha chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil fuíolluisce agus uisce liath ag dul isteach sa chóras áit ar féidir cóireáil a chur orthu, agus nach bhfuil uisce dín agus uisce dromchla ag dul isteach sa dabhach mar d’fhéadfadh tuile a bheith mar thoradh air sin. Déanfar scrúdú ar an láthair shíothlúcháin chun a bheith cinnte nach bhfuil lochán á chruthú. Déanfar scrúdú freisin ar dhíoga agus ar dhraenacha in aice láimhe le haghaidh píobán sceite agus comharthaí éillithe. Déanfaidh siad an córas a sheiceáil freisin maidir le boladh agus torann núise.

Is féidir sraith bileog a íoslódáil thíos, agus tá breis eolais ar an scéim agus ar an gcigireacht le fáil ar  EPA website

  •