Pleanáil

Forfheidhmiú Pleanála agus Forbartha

Forfheidhmiú Pleanála

Is ionann Forbairt Neamhúdaraithe agus forbairt agus/nó úsáid atá ag sárú na ndlíthe pleanála. Tá sé de chúram orainn a chinntiú go bhforfheidhmeofar na dlíthe pleanála ar a dtugtar Forfheidhmiú Pleanála.

Bíonn forbairt neamhúdaraithe sna cásanna seo a leanas:

  • Nuair a theastaíonn Cead Pleanála agus nach bhfuil bhfuarthas é.
  • Nuair a thugtar Cead Pleanála ach nach ndearnadh an fhorbairt de réir na bpleananna a cuireadh isteach nó de réir choinníollacha an cheada pleanála a deonaíodh.
  • Nuair nach gcloíonn sí leis na coinníollacha agus leis na teorainneacha go léir chun forbairt a cháiliú mar cheann díolmhaithe.

Má tá tú ag iarraidh gearán a dhéanamh faoi fhorbairt neamhúdaraithe líon isteach agus seol ar ais í chuig an seoladh thíos. Léigh na nótaí atá ceangailte go cúramach sula seolann tú an fhoirm isteach chugainn.

Má tá tú ag iarraidh tuairisc a thabhairt faoi láithreán tréigthe líon isteach an  Foirm Gearán Maidir le Forbairt Neamhúdaraithe Líomhnaithe  agus seol ar ais í chugainn ag an seoladh thíos.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar CCanna Pleanála agus Forbartha anseo

Déan Teagmháil Linn

Sa phost:

Comhairle Contae Fhine Gall

Forfheidhmiú Pleanála

Áras an Chontae

An Phríomhshráid

Sord

Co. Bhaile Átha Cliath

K67 X8Y2

 

Ríomhphost:  pla%6eninge%6e%66%6frc%65m%[email protected]