Pobal agus Spóirt

Foireann Oifigigh Pobail

Táimid go síoraí ag obair le pobail a fheabhsú trí réimse clár agus seirbhísí in ionad pobail cóngarach duit.

Tacaímid le réimse leathan tionscnaimh agus seirbhísí pobail ar fud Fhine Gall, trí bheith ag obair le grúpaí deonacha áitiúla agus le gníomhaireachtaí reachtúla. Is féidir leat Leabhran Eolais Forbartha Pobail a léamh ina bhfuil na tacaíochtaí a thugaimid do ghrúpaí pobail áitiúla, ár n-obair in ionaid pobail, comhpháirtíochtaí le gníomhaireachtaí reachtúla agus le seirbhísí ar leith a thugaimid do dhaoine breacaosta, do bhaill de phobail eitneacha, do dhaoine óga agus do pháistí.

Is féidir leat  OIFIG FORBARTHA POBAIL FHINE GALL FÍSRÁITEAS 2019 - 2021a léamh ina leagtar amach na spriocanna a bhfuilimid ag díriú orthu. 

Más mian leat páirt a ghlacadh in aon cheann dár dtionscnaimh, nó má tá aon mholtaí agat maidir leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil a fheabhsú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le haon duine dár n-oifigigh pobail, a bheidh sásta cuidiú leat.  

Cas leis an bhfoireann anseo

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Forbartha Pobail. 

Fón: 01 8905080 nó Ríomhphost:  [email protected]