Comhshaol

Eolas agus Comhairle maidir leis an Athchúrsáil

Athchúrsáil

Táimid uile feabhsaithe go mór ag athchúrsáil. Seo roinnt leideanna athchúrsála mar chuidiú le bheith níos fearr fós. 

brownbin.ie, suíomh gréasáin atá comh-mhaoinithe ag Cré –Cumann Múirínithe agus Díleá Anaeróbach na hÉireann agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, agus atá mar áis úsáideach ag teaghlaigh le bheith ag foghlaim faoi na bianna atá le hathchúrsáil agus conas a gcuid bithdhramhaíl a athchúrsáil i gceart agus na billí dramhaíola a laghdú. Tá stór mór eolais ar an suíomh, lena n-áirítear, ceisteanna agus freagraí ar réimse ábhar a bhaineann le dramhbhia, chomh maith le sonraí teagmhála bhailitheoirí dramhaíola atá ag feidhmiú ar fud na tíre.

  • Réitigh áit le taobh do bhosca bruscair do bhosca athchúrsála agus do bhosca cistine agus ansin beidh sé chomh simplí céanna earraí a athchúrsáil agus atá iad a chaitheamh amach.

  • Tá ionaid ‘fág anseo’ ag go leor ollmhargaidh mar sin déan turas athchúrsála mar aon le do thuras siopadóireachta gach seachtain. Beidh tú ag déanamh coigiltis ar am agus ar bhreosla.

  • Coinnigh do chuid cairtchláir agus páipéir glan agus tirim. Oscail amach agus brú anuas boscaí cairtchláir agus fill páipéir úsáidte ar a chéile in áit burla a dhéanamh díobh. Is lú spáis a ghlacann sé ansin i do bhosca athchúrsála.

  • Bain úsáid as boscaí ath-inúsáidte nó as málaí chun do chuid gloine in-athchúrsáilte a bhailiú agus iad a thabhairt ag banc na mbuidéal. Roinn an gloine de réir datha don bhanc buidéal – trédhearcach, glas agus donn.

  • Déan cinnte go bhfuil stáin agus cannaí nite, sruthlaithe agus brúite ar a chéile le clúdaigh curtha taobh istigh. Fágtar níos mó spáis ar an gcaoi sin i do bhosca athchúrsála.

  • Déan cinnte go bhfuil tráidirí alúmanaim bia nite agus an bia ar fad imithe. Brúigh an tráidire ar a chéile agus sa chás go bhfuil níos mó ná ceann ann brúigh iad ar fad ar a chéile. 

  • Déan cinnte go bhfuil buidéil phlaisteacha nite, sruthlaithe agus brúite ar a chéile agus na caipíní bainte díobh.

  • Fill dramhbhia i sean-nuachtáin sula gcuireann tú isteach sa bhosca donn é – coinníonn sé seo cuileoga amach uaidh agus ní bhíonn boladh ag teacht ón mbosca.

  • Tabhair batairí caite agus earraí leictreacha chuig ionad athchúrsála nó chuig siopa atá á mbailiú.